Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 Sep 2016

Am gnóthach a bhíonn ann i mí Mheán an Fhómhair agus na céadta daoine ag cur tús le turas teanga le teanga náisiúnta na hÉireann a fhoghlaim nó le cur le líofacht sa Ghaeilge. Tá neart deiseanna foghlama ann do Ghaeil Ard Mhacha ó cheann ceann an chontae.

Ard Mhacha – Ranganna Gaeilge do gach leibhéal ag tosú Dé Céadaoin 21 Meán Fómhair. Eolas sean@cairdeteo.com 028 3751 5229 nó Cairde Teo ar Facebook.
An Céide – Bunrang agus meánrang ag tosú Dé Céadaoin 21 Meán Fómhair. Eolas Ciaroga Ceide nó Naíscoil an Chéide ar Facebook.
Port an Dúnáin – Bunrang agus meánrang ag tosú Dé Luain 12 Meán Fómhair. Eolas Naíscoil na Banna ar Facebook.
An Lorgain – Ranganna Gaeilge do gach leibhéal ag tosú Dé Luain 12 Meán Fómhair. Eolas Conradhnagaeilge Craobhnalorgan ar Facebook.
CLG Naomh Pól, An Lorgain – Bunrang gach Luan. Eolas dairepatrick1@gmail.com.
An tIúr – Ranganna Gaeilge do gach leibhéal. Clárú ag Gaeláras Mhic Ardghail ar Shráid an tSeipéil, An tIúr Dé hAoine 16 & Dé Sathairn 17 Meán Fómhair. Eolas Gaeláras Mhic Ardghail ar Facebook.
An Sruthán – Bunrang, Meánrang & Ardrang ag tosú 5 Meán Fómhair. Eolas bessbrookirish@outlook.com.

Ba mhaith le Cairde Teo an pobal a spreagadh le clárú le Líofa ar www.liofa.eu. Is féidir le rannpháirtithe Líofa teacht ar áiseanna foghlama saor in aisce agus d’fhéadfaí go mbeadh siad ábalta cur isteach ar scoláireacht Gaeltachta Líofa. Bígí ag foghlaim na Gaeilge.