
Tá an Scéim Tacaíochta Gaeilge oscailte anois le haghaidh iarratas do thionscadal a chuireann foghlaim agus úsáid na Gaeilge chun tosaigh i gclubanna CLG.
Tá an Scéim Tacaíochta Gaeilge ann chun cuidiú airgid a thabhairt do chlubanna de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael agus iad i mbun iarrachtaí macánta chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh.
Cuirfear maoiniú meaitseála ó chiste na Scéime ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €600 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €900 san iomlán le caitheamh ar thionscadal, síntiús an chlub san áireamh. Tá an babhta seo den Scéim le haghaidh imeachtaí a tharlódh idir 1ú Eanáir agus 30ú Aibreán 2017. Cuirtear isteach ar an Scéim Tacaíochta Gaeilge trídan foirm seo a líonadh isteach. Féach an treoir breise anseo.
Is comhthionscadal í an Scéim Tacaíochta Gaeilge idir Glór na nGael agus An Cumann Lúthchleas Gael le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.