Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

18 Oct 2016

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil, atá lonnaithe in Ard Mhacha, ag leanstan lena gclár míosúil siúlóidí Dé Sathairn 29 Deireadh Fómhair. Beidh an grúpa ag dul go Sliabh Shamhail Phite Méabha, an sliabh is airde sna Speiríní ata 678 méadar nó 2224 troigh ar airde, agus an pointe is airde i gcontaethe Dhoire agus Thír Eoghain. Chomh maith le Sliabh Shamhail, siúlfaidh an grúpa ar Dairt, atá níos mó ná 2000 troigh fosta. Is mullach aolchloiche criostallaí é. Tá foinse na Fochaine ar Shamhail, abhainn atá 29 míle (47 ciliméadar) ar fad agus ar fo-abhainn den Fheabhaill í.

Tá raon na Spéiríní i nDoire agus i dTír Eoghain agus is é an raon is faide in Éirinn le 10 mullach thar 500 méadar. I measc an dúlra agus na gnáthaimh atá sna Speiríní, tá portach, móinteach, coillearnach, aibhneacha, fraoch, fraocháin agus bódhearca. Ar fánaí thiar Shliabh Shamhail, tá planda alpach ann atá tearc go maith, mar atá an eithreog shléibhe atá gaolta le planda na sú talún. Bionn an iascaireacht go maith sna haibhneacha atá i ndeas do na sléibhte, go háirithe don bhreac. Mar chuid d’fhiadhúlra an cheantair, tá pocaire gaoithe, tá clamhán, tá spioróg, tá coinín, tá broc, agus tá giorria ann.

Tá breis agus 90 liagchiorcal sa sliabhraon. Is é liagchiorcal na Beithe Móire in oirdheisceart an sliabhraoin an sampla is iomráití. Cé go bhfuil an liagchiorcal beag, tá an ceann áirithe seo i gcomhchoibhneas leis an ghrian, leis an ghealach agus leis na réalta.

Is é an cnocadóir agus an sléibhteoir áitiúil Éamonn Ó Flanagáin a bheas i gceannas ar an tsiúlóid. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 11am ag an charrchlós sa sráidbhaile An Chrannóg atá lonnaithe ar Bhóthar Ghleann Aichle idir Cabhán an Chaorthainn agus Baile na Scríne. Tá an grúpa díreach i ndiaidh siúlóid 4 uair a chloig a dhéanamh ar Chuilceach agus chuirfeadh siad fáilte roimh bhaill nua ar an Satharn an 29 Deireadh Fómhair. Más mian leat páirt a ghlacadh sa tsíulóid ar Shamhail agus ar Dháirt nó más mian leat níos mó eolas ar an ghrúpa Siúil, dean teagmháil le Cairde Teo ag sean@cairdeteo.com nó 028 37 51 5229.