Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

10 Oct 2016

Tá CAIRDE Teo ag déanamh ceiliúradh ar bhliain eile rathúil d’fhorbairt pobail agus de chur chun cinn na Gaeilge trí thuras a shocrú d’fhoireann agus d’oibrithe deonacha chuig Leuven, Ghent agus Bruiséil sa Bheilg.

Ag an sos lártéarma, beidh ionadaithe ó CAIRDE ag amharc ar na naisc shóisialta, pholaitiúla agus chultúrtha idir Ard Mhacha agus na bailte stairiúla Leuven agus Ghent agus ag tabhairt cuairte ar cheanncheathrú na Gaeilge agus na gceardchumann i gCoimisiún na hEorpa sa Bhruiséil.

Príomhchathair ársa atá i Leuven (Louvain sa Fhraincis), ionad grúdaireachta (le ghrúdlanna Stella Artois, Leffe agus Heverlee lonnaithe ann) agus an baile ollscoile is sine sa Fhlondrás. Tá thart ar 25,000 mac léinn ina gcónaí ann, rud a thugann beocht don chathair. Tá an chathair beag go leor gur féidir na hionaid thurasóireachta uilig a fheiceáil san aon lá amháin, ach thiocfadh stopadh ann ar feadh roinnt seachtainí leis na tithe ósta agus na tithe tábhairne éagsúla.

Tá iomrá ar an nasc idir Ard Mhacha, Uladh agus Leuven a théann siar go dtí an séú Céad déag. Ag tús mhí na Samhna 1607, le linn ‘Imeacht na nIarlaí’, tháinig thart ar céad Éireannach, Ultaigh den chuid is mó, go Leuven agus d’fhan siad ann go deireadh mhí Feabhra den bhliain dar gcionn. I measc an ghrúpa, bhí trí thaoiseach ar mhórchlanna Uladh; Cúchonnacht Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, Ruairí Ó Domhnailll, Iarla Thír Chonaill agus taoiseach ar chlann Uí Dhomhnaill, agus Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain agus taoiseach ar chlann Uí Néill. Go dtí Imeacht na nIarlaí, ba é Aodh Ó Néill an duine ba chumhachtaí in Éirinn agus mhairfeadh a chlú i stair na hÉireann le bua iomráideach i gCath Bhéal an Átha Bhuí. Tá comóradh 400 bliain ar siúl i mbliana ó fuair sé bás sa Róimh.

I rith creach na nGall in Éirinn, ba é Coláiste na nGael i Leuven príomh ionad-léinn na nGael, áit a chothaigh tírghrá d’Éire agus lárionad imeachtaí frith-Reifeirméisin. Tagraíodh don choláiste mar an mórthionscadal agus dhírigh sé ar thrí ghné – stair, creideamh agus an Ghaeilge. Tá scoláire ón Bheilg i ndiaidh liosta de mhic léinn de bhunadh na hÉireann a rinne staidéar i Leuven idir 1548 agus 1797. Tá 1171 ainm ar an liosta, cúigear acu a chríochnaigh mar ardeaspaig Ard Mhacha.

A programme of historical research was initiated in Leuven with the purpose of showing that the kingdom of Ireland was of equal status with other nations and not sunk in barbarism and ignorance as contemporary English language chronicles tried to make out. In 1626, Mícheál Ó Cleirigh, a lay brother and member of a learned Irish family, was sent home to Ireland to collect manuscript material and to check dates and sources with living Irish scholars. He had the assistance of three lay scholars. Another Franciscan scholar gave the name ‘Four Masters’ to this group, and the work which resulted from their endeavours – officially known as ‘Annals of the Kingdom of Ireland’ – came to be known popularly as ‘Annals of the Four Masters’. When all the relevant material had been collected Ó Cleirigh brought it back to Leuven where the work of editing took place.

Ba mhac léinn iarchéime in Ollscoil Leuven é Tomás Ó Fiaich a ceapadh mar ardeaspag Ard Mhacha i mí Mheán an Fhómhair 1977 agus oirníodh mar chairdinéal é ar 2 Deireadh an Fhómhair. Gaeilgeoir a bhí in Ó Fiaich ar ndóigh agus níos moille anonn thug sé roinnt léachtaí ar an Ghaeilge agus thug sé cuairteanna rialta ar an Ghaeltacht. Bhí sé gníomhach in eagraíochtaí Gaeilge agus scríobh sé in irisleabhair Ghaeilge. Scríobhadh cuid dá leabhar sa Ghaeilge agus bhí sé mar chathaoirleach ar choimisiúin an rialtais ar athbheochan na Gaeilge (1959-1963) agus ar an chomhairle a ceapadh leis na moltaí a tháinig as a chur i bhfeidhm. Sa bhliain 1953, chuidigh sé le Cumann Seanchais Ard Mhacha a bhunú agus bhí sé mar eagarthóir ar iris an chumainn idir 1954 agus 1977.

Thug an seal a chaith sé i Leuven blaiseadh den taistil dó, chomh maith le dearcadh Eorpach agus suim sna naisc idir Éire agus an Eoraip, agus bhí baint aige le cláir teilifíe, turais staire, ailt, léachtaí, agus leabhair a dhírigh ar na naisc sin. Agus é i Leuven. scríobh sé chuig a athair go minic, agus caomhnaíodh na litreacha seo agus foilsíodh iad i leabhar dar teideal ‘Tomás Ó Fiaich’s Letters from Louvain’.

Chomh maith le deis a fháil sult a bhaint as cultúr agus stair Louvain, beidh CAIRDE Teo ag eagrú turas go Ghent agus do dtí an Bhruiséil.

Seoid speisialta atá i mbaile Ghent. Bhí sé ar an dara chathair is mó san Eoraip lá den saol le linn na meánaoise, ach le linn an fhichiú aois tá gné láidir ealaíne forbartha acu agus tá sé ar cheann de na h-áiteanna is fearr san Eoraip ó thaobh an chultúir de – tá roinnt iarsmalanna agus gailearaithe ann agus níos mó foirgnimh atá liostaithe ná áit ar bith eile sa Bheilg.

Sna 1870s, tugadh “the citadel of socialism” ar Ghent a bhfuil ailtireacht ghalánta ann, go háirithe ag cuan Graslei. Tá ardeaglaisí móra meánaoise agus caisleán Gravensteen suite thart ar fhaichí poiblí agus tá neart caiféanna agus tithe tábhairne ar bhruach na canála.

Cathair ollscoile í Ghent agus mórionad tionclaíochta. Ba i Ghent a oirníodh Naomh Oilibhéar Pluincéad mar ardeaspag Ard Mhacha ar 1 Nollaig 1669. De thairbhe go raibh na Péindlíthe i bhfeidhm in Éirinn, tharla an oirniú i seipéal príobháideach i dteach cónaithe an Easpaig i Ghent.

Ar deireadh, tabharfaidh an grúpa cuairt ar oifigí an ETUC agus Roinn na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa sa Bhruiséil. Cuirfear deireadh leis an turas iontach seo le turas treoraithe ar roinnt de na h-ionaid turasóireachta sa Bhruiséil féin.

Tá clú ag teacht ar na Bruiséil mar chathair bhríomhar le deireadh seachtaine nó laethanta saora a chaitheamh ann. Taobh amuigh de na seacláidí agus beoracha clúiteacha tá neart ionaid turasóireachta gur chóir do thurasóirí cuairt a thabhairt orthu. Lárionad de chultúr na hEorpa é, ar a dtugtar ‘Sráidbhaile na hEorpa’, le beagnach 90 iarsmalann, páirceanna áilne, siúlóidí deasa, agus bialanna agus tithe ósta den scoth.