
Deis go fóill ann don Fheidhmeannas an Straitéis Ghaeilge a chur san áireamh sa leagan deireanach de Chlár Rialtais 2016-21
Tá cáineadh láidir déanta ag Conradh na Gaeilge ar an Fheidhmeannas ó thuaidh de thairbhe nach bhfuil aon tagairt sa Cháipéis Chomhairliúcháin ar an Chlár Rialtais 2016-21 don Straitéis Ghaeilge ó thuaidh, cé go raibh tagairt iomlán don Straitéis chéanna sa Chlár Rialtais deireanach 2011-15. Luaitear ar shuíomh an Rialtais gurb é ‘an Clár Rialtais an cháipéis straitéiseach is mó de chuid an Fheidhmeannais, a leagann amach na tosaíochtaí a mbeidh siad ag díriú orthu i mandáid reatha an Tionóil, agus na gníomhartha is suntasaí a dhéanfar le dul i bhfeidhm orthu’.
Is céim siar mhór é d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh nach bhfuil aon tagairt, mar sin, sa Chlár Rialtais don Straitéis Ghaeilge. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach páirtí, go háirithe na páirtithe san fheidhmeannas, tosaíocht a dhéanamh den Straitéis don Ghaeilge agus cinntiú go mbeidh sí aitheanta go sonrach sa leagan deireanach de Chlár Rialtais 2016-21.
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán le Conradh na Gaeilge:
“Is céim siar mhór don Ghaeilge nach bhfuil aon tagairt don Straitéis Ghaeilge ó thuaidh, cé go raibh tagairt ann dí sa chlár rialtais deireanach. Luaigh pobal na Gaeilge go soiléir ina gcuid aighneachtaí agus i sraith chruinnithe le réimse páirtithe polaitiúla go raibh géarghá leis an Straitéis Ghaeilge bheith mar tháscaire aitheanta sa Chlár Rialtais 2016-21. Arís eile is léir nach bhfuil an toil ag an Fheidhmeannas freastail ar phobal na Gaeilge agus cothrom na féinne a thabhairt dúinn. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe éigeandála láithreach le gach ceannaire páirtí le cinntiú go mbeidh an Straitéis san áireamh sa leagan deireanach de Chlár Rialtais 2016-21.”
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:
“Dearbhaíonn an cinneadh seo go bhfuil an Feidhmeannas ó thuaidh ag dul siar ar fhorbairt straitéiseach na Gaeilge agus go bhfuil ag teip orthu a ngealltanais féin a chomhlíonadh. Tá bearna mór sa Chlár Rialtais seo. Beagnach cothrom an ama seo deich mbliana ó shin daingníodh Comhaontú Chill Rímhinn agus tá pobal na Gaeilge go fóill ag sodar i ndiaidh a mbuncheart agus aitheantais. Níl seo ar bhealach ar bith sásúil agus níor chóir dúinn mar phobal glacadh leis.
Tá teip an Fheidhmeannais dheireanaigh i dtaobh na Straitéise mar ábhar athbhreithnithe breithiúnaigh faoi láthair. Dar ndóigh, b’fhearr linn nach mbeadh orainn an cás seo a ghlacadh ach níl aon rogha eile tugtha ag an Fheidhmeannas dúinn. San idirthréimhse molann Conradh na Gaeilge do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le cearta daonna, a míshástacht maidir leis an Dréacht-Chlár Rialtais seo a thógáil lena bpolaiteoirí agus aighneachtaí a chur chuig an Fheidhmeannas ag lorg na Straitéise Gaeilge láithreach bonn. Éilíonn muid ar an Fheidhmeannas a ndualgais féin a chomhlíonadh, agus athmhachnamh a dhéanamh ar an dréacht-chlár seo.
Sheol an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015 ach dhiúltaigh an Feidhmeannas an Straitéis a chur i bhfeidhmin ainneoin a gClár Rialtais féin agus na dualgais reachtúla atá orthu. Eascraíonn na dualgais seo ó Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 ina raibh tagairtí suntasacha agus soiléire do Straitéis agus Acht na Gaeilge. Tá Conradh na Gaeilge ag glacadh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Fheidhmeannais, cás a bhfuil cead cúirte faighte dó, de dheasca nár ghlac an Rialtas deireanach leis an Straitéis sin, faoi Thosaíocht 4 den Chlár Pobal Láidir agus Comhroinnte A Chothú.
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe éigeandála láithreach le gach ceannaire páirtí le cinntiú go mbeidh an Straitéis san áireamh sa leagan deireanach de Chlár Rialtais 2016-21.