Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 Nov 2016

Tá Cairde Teo ag eagrú eispéireas speisialta Nollag do pháistí Gaelscoile agus a dteaghlaigh i gcomhar le Pláinéadlann Ard Mhacha i mbliana. Cuirfear tús leis an chóisir Nollag ar 4pm ar an Satharn 3 Nollaig. Beidh Daidí na Nollag féin ag teacht an bealach ar fad ón Mholl Thuaidh le bheith linn le bualadh leis na páistí. Beidh deis ag na páistí a insint do Dhaidí na Nollag cad é ba mhaith leo don Nollaig, grianghraf a fháil agus turas a fháil thart ar an phláinéadlann iomráiteach. Cuirfidh an phláinéadlann taispeántas speisialta Gaeilge de chlár Mhistéir Réalta na Nollag ar 5pm. Ní mór spásanna a chur in áirithe roimh an Aoine 25 Samhain trí bhualadh isteach chuig an siopa Cult Úr nó trí theagmháil a dhéanamh le Seán ag sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.