Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

06 Dec 2016

Bhí eispéireas speisialta réaltrach ag Gaeilgeoirí óga Ard Mhacha ag an phláinéadlann ar na mallaibh nuair a bhuail siad le Daidí na Nollag féin. D’eagraigh CAIRDE Teo an t-imeacht do pháistí Gaelscoile agus dá gcuid teaghlaigh, i gcomhar lenár gcairde uilig sa Mholl Thuaidh. Bhí an chóisir spásúil ar siúl oíche Shathairn ag an ionad turasóireachta, atá anois ag cur turais speisialta Nollag ar fáil le béim ar an seó digiteach Mistéir Réalta na Nollag.

Ar bhaint amach na plánéadlainne, rinne na páistí agus tuismitheoirí a gcuid roicéad féin agus chuaigh siad amach lena láinseáil. Ghlac siad páirt i roinnt imeachtaí spásaire, chuir siad orthu éadaí spásaire agus chuaigh thart ar na taispeántais, sular thug siad cuairt ar Dhaidí na Nollag féin. Bhí lúcháir ar Dhaidí na Nollag bualadh leis na páistí agus a chuid Gaeilge féin a labhairt agus d’éist sé le haoibhneas leis na páistí ag ceol Bualadh Bos agus amhráin Nollag. Agus na bronntanais faighte ag na páistí, chuaigh siad isteach san amharclann digiteach le h-amharc ar an seó tráthúil Gaeilge, Mistéir Réalta na Nollag.

Bhain na teaghlaigh agus na páistí an-sult as an eispéireas agus tá siad anois ag súil go mór le cuairt Dhaidí na Nollag ar Oíche Nollag féin. Ba mhaith le Cairde Teo buíochas a ghabháil le Daidí na Nollag as an am a thabhairt amach as a sceideal gnóthach agus leis an fhoireann ag Pláinéadlann Ard Mhacha as an chuidiú uilig le h-eispéireas speisialta Gaeilge a chur ar fáil do na páistí.