Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Dec 2016

Bhí slua maith de Ghaeil Ard Mhacha i láthair ar an Chéadaoin seo caite le ceiliúradh a dhéanamh ar dara breithlá an tsiopa Cult Úr. Tá an siopa Cult Úr, ar fiontar sóisialta neamhbhrabúsach é, ag dul ó neart go neart ó bhog sé chuig an aonad tosaigh in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha ar Shráid Thomáis sa chathair. Chomh maith le pobal na Gaeilge, bhí Ardmhéara Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann, an Comhairleoir Garath Keating, i láthair le tús bríomhar a chur le ceiliúradh na Nollag.

Bhí scoth an cheoil thraidisiúnta á seinnt ag na ceoltóirí áitiúla Adam Costa, Eoin Ó Ceallaigh, Aidan Prunty agus Sárán Ó Machail le cur leis an atmaisféar. Cuireadh scailtín fíona, pióga mionra agus brioscarán ar fáil dá raibh i láthair a shuigh siar le sult a bhaint as an ócáid agus le píosa beag siopadóireachta a dhéanamh roimh fhuadar na Nollag. Bhí borradh faoin áir shúgartha Hugglebugs fosta, a d’oscail na doirse do pháistí ó Ghaelscoileanna áitiúla agus bhain siad an-sult as an chóisir deireadh bliana.

Agus an oíche oscailte ar siúl agus na ranganna Gaeilge díreach críochnaithe, ghlac Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Gaeilge Cairde Teo, an deis buíochas a thabhairt do na múinteoirí as an obair chrua uilig i rith na bliana, agus do na ceannairí óige a eagraíonn an club óige gach Déardaoin. Cuirfear tús le téarma nua de ranganna oíche i gColáiste Chaitríona Dé Céadaoin 18 Eanáir agus beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa Dé Sathairn 21 Eanáir. Beidh an club óige ar ais do pháistí idir Rang 4 agus Rang 7 Déardaoin 19 Eanáir ag Ionad Bhóthar na hArdeaglaise.