Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 Dec 2016

Tá ‘Seó Bóthair’, Lá ardaithe agus daingnithe feasacht, beartaithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le Cairde Teo i bPáirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha agus le Glór na nGael Dé Sathairn 28 Eanáir 2017 i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Cinn Trá. Tá an seó bóthair mar chuid de thionscadal atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, ‘Ár dTeanga Rointe’ a ardaíonn feasacht teanga agus cultúrtha. Beidh taispeántas, cainteanna agus ranganna Gaeilge mar chuid den seó bóthair. Tá an tionscadal féin maoinithe ag Oifig an Fheidhmeannais faoin Lárchiste Um Dheá-Chaidrimh 2016/17. Chomh maith leis an seó bóthair, cuirtear an scéim ar fáil sna bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Béarla ó thuaidh. Rachaidh an Scéim ar aghaidh go dtí Mí an Mhárta 2017. Is scéim fhaisnéiseach í a fhiosraíonn an nasc idir logainmneacha áitiúla, sloinnte, an ceangal idir an Ghaeilge agus teangacha eile, stádas na Gaeilge agus an borradh atá tagtha uirthi le blianta anuas.