Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

19 Jan 2017

Beidh Seachtain na Gaeilge le Energia  á reáchtáil ó 1 -17 Márta. Fógraíodh comhpháirtíocht na féile le Energia agus ambasadóirí do 2017 inniu. Is Miriam O’Callaghan, láithreoir RTÉ, Art Parkinson, aisteoir a bhain clú agus cáil amach in Game of Thrones & Kubo and The Two Strings, mar aon le Mícheál Ó Ciaraidh, láithreoir TG4 a bheidh mar ambasadóirí don fhéile idirnáisiúnta i mbliana. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag súil go mbeidh níos mó imeachtaí á reáchtáil ná riamh i mbliana le comhpháirtíocht Energia.

Dúirt  Miriam O’Callaghan, láithreoir RTÉ & ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia:
‘Is deis iontach é Seachtain na Gaeilge le Energia chun níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá, le mo chlann, mo chairde & mo chomhghleacaithe.  Beidh an Ghaeilge á céiliúradh ag beagnach miliúin duine an mhí seo, mar sin bain triail aisti!’

Is í an Aoine bheag seo, 20 Eanáir 2017, an spriocdháta le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a chlárú ar www.peig.ie. Méadaíodh Ciste Tacaíochta na féile buíochas le cúnamh Energia i mbliana, agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go gclárófar níos mó imeachtaí ná riamh do #SnaG17 a bhuí leis seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:
‘Tá an-áthas orainn Seachtain na Gaeilge le Energia agus ár n-ambasadóirí a fhógairt inniu. Tugann an comhpháirtíocht le Energia deiseanna breise dúinn nach raibh againn le blianta beaga anuas. Cuideoidh maoiniú Energia le ciste tacaíochta na féile ach go háirithe, a thugann maoiniú do ghrúpaí pobail fud fad an domhain.’

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:
‘Tá ríméad orainn go bhfuil Miriam O’Callaghan, Art Parkinson & Mícheál Ó Ciaraidh mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Is iontach an rud é triúr comh cumasach agus comh cailiúil leo a bheith mar ambasadóirí, rud a thabharfaidh próifíl níos airde don fhéile. Tá an fhéile ag fás bliain i ndiaidh bliana agus táimid ag súil go mbeidh níos mó ná milliúin duine páirteach linn ó 1 – 17 Márta.

Tá imeachtaí na bliana seo á gclárú ar PEIG.ie cheana féin agus Beidh na mílte imeacht pobail agus scoile ar siúl ar fud na hÉireann agus in áiteanna chomh fada i gcéin le L.A. agus an Astráil chun deis a thabhairt do chách, ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa, taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga.

Bain Triail Aisti, ‘Sí ár dteanga í!