Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Feb 2017

image2Dúirt POBAL, scátheagras abhcóideachta na Gaeilge ó thuaidh, agus ceannródaithe ar an fheachtas le haghaidh Acht na Gaeilge le 12 bliain anuas, go bhfuil Gaeil Ard Mhacha agus an Iúir agus na ceantracha máguaird i dteideal le cosaint don teanga.

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL: “Lá corrach atá ann inniu, agus tá POBAL ag tacú le muintir na háite agus iad ag eagrú mórshiúil in Iúr Cinn Trá, le hAcht na Gaeilge a éileamh. Deich mbliain ó shin, thug rialtas na Breataine gealltanas i gComhaontú Chill Rimhinn, reachtaíocht a thabhairt isteach, agus ní dóigh le POBAL gur cheart do mhuintir an Iúir ná ó áit ar bith eile sna sé chontae, fanacht níos mó.

image3“Críochnaigh glúin iomlán de pháistí a gcuid Ghaeloideachas ó na Luath Blianta go deireadh na bunscolaíochta ar an Iúr, in Ard Mhacha agus ar an Dún agus gan tasc ná tuairisc ar aontú ar bith idir na polaiteoirí áitiúla ar an cheist seo. Anois, thit an Tionól arís, agus éilíonn POBAL ar na páirtithe náisiunacha gan pilleadh go Stormont gan socrú docht daingean acu faoi reachtú Achta taobh istigh d’achar ama aontaithe.

“Shínigh rialtas na Breataine agus rialtas an deiscirt an Chomhaontú agus anois caithfidh siad gníomh leis an cheist seo a réiteach. Is léir nach bhfuil toil ag an DUP caitheamh go cothrom nó go measúil le pobal na Gaeilge.”