Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

14 Mar 2017

Beidh Ciorcal Comhrá Ard Mhacha ag eagrú lá comórtha Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh ar an Domhnach seo 19ú Márta 2017 ag tosú ar 12 meánlae le seisiún ceoil agus amhráin sa teach tábhairne “Poll sa Bhalla”, Sráid an Mhargaidh, Ard Mhacha. Beidh an Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí ag labhairt ag an chloch chomórtha ag Cnoc na Croithe ar Shráid Íochtair na nGael ar 2-30i.n
Ina dhiaidh sin, beidh turas staire ann chuig an uaigh ar an Chreagán agus an scioból ina raibh a fhaire ar siúl i 1750 .Ar 5-30i.n beidh deoch agus bia i Tí Chulainn ar an Mhullach Bán agus ceol is amhráin ann. Cuirfidh An Ciorcal Comhrá fearadh na fáilte roimh chách.