Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 Mar 2017

Aithnítear Ard Mhacha ar fud an domhain mar gheall ar a cheangal le naomh patrúin na hÉireann, mar atá Naomh Pádraig, agus beidh na múrtha ag tabhairt cuairte ar phríomhchathair eaglasta na hÉireann ar an Aoine seo chugainn le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Cé go mbeidh aifrinn agus seirbhísí creidimh ar siúl ar fud na cathrach agus ar fud na deoise, tá cuireadh ar leith á thabhairt do phobal na Gaeilge agus dóibh siúd atá ag iarraidh eispéireas speisialta Gaelach don Fhéile.

Ar maidin na Féile Pádraig, beidh aifreann Gaeilge ar siúl in Ardeaglais Chaitliceach Naomh Pádraig ar 9am. Is é an Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí a léifeas an t-aifreann agus cuirfear fáilte roimh dhaoine a fhreastalaíonn ar aifreann na Gaeilge go rialta agus roimh dhaoine a théann ar aifreann eile sa pharóiste agus in ard-deoise Ard Mhacha. Ceiliúrfar seirbhís speisialta Eochairiste in Ardeaglais Naomh Pádraig d’Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha ar 10am. Is é an tUrramach Canónach David Hilliard a bheas i mbun na seirbhíse, ball de Chaibidil na hArdeaglaise agus Canónach Oinigh i dTuíneán. Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa dá cheiliúradh spioradálta in onóir ár naomh patrúin.