Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

22 May 2017

Mórshiúl stairiúil ann, ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, áit a bhfuil cainteoirí áitiúla ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge

Bhí breis agus 12,000 duine páirteach i mórshiúl stairiúil Dé Sathairn idir Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus Halla na Cathrach, Béal Feirste, chun tacaíocht a léiriú do reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh. D’eagraigh An Dream Dearg an Lá Dearg chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge a léiriú i ndiaidh gur gealladh an tAcht i gComhaontú Chill Rímhinn breis agus 10 mbliana ó shin.

Ag caint leis an slua ar an Satharn, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ionadaí oifigiúil, An Dream Dearg:
“Tá tacaíocht leathan ón phobal don Acht Gaeilge agus den fheachtas, An Dream Dearg, agus inniu tá an tacaíocht sin á léiriú ar bhonn soiléir, dearfach agus láidir. Tá gach duine a chreideann san éagsúlacht, i gcearta teanga agus cearta daonna ag seasamh le chéile ag éileamh go mbogann an stát ar an cheist seo, breis is 10 mbliana ó tugadh gealltanais shoiléire dúinn i leith Acht Gaeilge de.

Níl aon amhras ach go bhfuil ceist na Gaeilge i gcroílár na géarchéime polaitiúla is déanaí ó thuaidh agus tá An Dream Dearg ag rá go soiléir nach féidir an feidhmeannas a chur ar ais go dtí go bhfuil Acht Gaeilge ceart bhunaithe ann. Tá 50 amach as 90 de na baill nuathofa sa tionól ag tacú linn, mar atá na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus sciaranna leathan den phobal. Tá teachtaireacht shoiléir amháinanninniu – Anois an tAm don Ghníomh, Acht Anois!”

Dúirt Caitlín Ní Chathail, ionadaí oifigiúil, An Dream Dearg, agus tuismitheoir ag tógáil á páistí trí Ghaeilge i mBéal Feirste:
“Mar thuismitheorí atá ag tógáil clainne le Gaeilge níl uaim ach go n-aithníonn an stát mo rogha teanga – Saol trí Ghaeilge atá uaim. Níl mé ar lorg pribhléid nó déanaíocht speisialta ón stát, díreach go n-aithnítear mo chearta teanga agus cearta teanga mo pháistí. Is í an Ghaeilge an teanga a labhraíonn muid le chéile, ó mhaidin go hoíche, ach is beag seirbhís ar fad a fhaigheann muid ón stát trí Ghaeilge. Neartaítear an t-imeallú atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge nuair nach bhfeiceann mo pháistí ach fíorbheagán Gaeilge oifigiúil i spásanna poiblí. Cuirtear seo in olcas nuair a dhéantar neamhaird orainn nó nuair a dhéanann an Rialtas nó ionadaithe tofa ionsaí orainn.

Níor mhaith liom go mbeadh mo pháiste nó páiste ar bith eile faoi mhíbhuntáiste as siocair á rogha teanga. Tá ár sochaí ag athrú agus níos mó daoine á dtógáil le Gaeilge anois ná mar a bhí le tamall fada anuas. Tá borradh ar an Ghaeloideachas agus ar an Ghaeilge faoi láthair. In ainneoin na n-athruithe suntasacha cultúrtha agus sóisialta seo, níor athraigh an córas ná an stát ó thuaidh. Tá sé thar am gur tharla na hathruithe sin agus gur cinntíodh nach saoránaigh den dara grád muid inár dtír féin.”