Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

10 May 2017

Tá grúpa cnocadóireachta Ard Mhacha, Siúil, ag ullmhú don dúshlán is mó go dtí seo nuair a thabharfas siad agaidh ar an tsliabh is airde in Éirinn, mar atá Corrán Tuathail i gContae Chiarraí. Tá Corrán Tuathail 1039 méadar ar airde agus tá an tsliabh i lár na gCruach Dubh.

Tá cros mór miotail ar mhullach Chorrán Tuathail agus tá radharcanna dochreidte ar fáil uaidh ar na leithinse Gaeltachta Uíbh Ráthach, Béarra agus Corca Dhuibhne agus ar Sceilig Mhichíl agus ar na Blascaoid, cuid de na ceantair is cáiliúla ó thaobh litríocht na Gaeilge de. Tá iomrá ar an áit fosta as seanchas na fiannaíochta agus deirtear gur sa cheantar seo a ndearna Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna seilg ar fhianna lena conairt de 50o cú faoil.

Beidh an grúpa Siúil ag tabhairt faoi Chorrán Tuathail Dé Domhnaigh 28 Bealtaine, ag tosú ar 11am ag Cronin’s Yard agus ag leanstan Gleann na Cáillí agus Dréimire an Diabhail. Beidh roinnt ball den ghrúpa ag tabhairt cuairte fosta ar Cnoc Buí, an pointe is airde i gContae Chorcaí Dé Sathairn 27 Bealtaine. Bíonn an grúpa ag eagrú siúlóidí uair sa mhí, ag dreapadh sléibhte ar fud thuaisceart na hÉireann agus cheana féin i mbliana, shiúil siad ar Chuilceach i bhFear Manach agus an Cabhán, Trostán in aice le Bun Abhann Dalla agus ar Shliabh Feá i gContae Lú. Bíonn na siúlóidí ann ar an chéad Shatharn de gach mí agus chomh maith le siúlóidí sléibhe chuaigh an grúpa ag spaisteoireacht faoin tuath i dTír Eoghain, in Ard Mhacha agus i Muineachán. Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid ar Chorrán Tuathail nó le tuilleadh eolais a fháil faoin ghrúpa cnocadóireachta, déan teagmháil le Seán ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.