Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

12 Jun 2017

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil, atá lonnaithe in Ard Mhacha, ag leanstan lena gcláir míosúil siúlóidí Dé Domhnaigh 25 Meitheamh. Beidh an grúpa ag dul go Sliabh Shamhail Phite Méabha, an sliabh is airde sna Speiríní atá 678 méadar nó 2224 troigh ar airde, agus an pointe is airde i gcontaethe Dhoire agus Thír Eoghain. Is mullach aolchloiche criostallaí é agus tá foinse na Fochaine ar Shamhail, abhainn atá 29 míle (47 ciliméadar) ar fad agus ar fo-abhainn den Feabhaill í.

Tá raon na Spéiríní i nDoire agus i dTír Eoghain agus is é an raon is faide in Éirinn le 10 mullach thar 500 méadar. I measc an dúlra agus na ngnáthamh atá sna Speiríní, tá portach, móinteach, coillearnach, aibhneacha, fraoch, fraocháin agus bódhearca. Ar fánaí thiar Shliabh Shamhail, tá planda alpach ann atá tearc go maith, mar atá an eithreog shléibhe atá gaolta le planda na sú talún. Bíonn an iascaireacht go maith sna haibhneacha atá i ndeas do na sléibhte, go háirithe don bhreac. Mar chuid d’fhiadhúlra an cheantair, tá pocaire gaoithe, tá clamhán, tá spioróg, tá coinín, tá broc, agus tá giorria ann.

Tá breis agus 90 liagchiorcal sa sliabhraon. Is é liagchiorcal na Beithe Móire in oirdheisceart an sliabhraoin an sampa is iomráití. Cé go bhfuil an liagchiorcal beag, tá an ceann áirithe seo i gcomhchoibhneas leis an ghrian, leis an ghealach agus leis na réalta.

Is é an cnocadóir agus an sléibhteoir áitiúil Éamonn Ó Flanagáin a bheas i gceannas ar an tsiúlóid. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 11am ag an charrchlós sa sráidbhaile An Chrannóg atá lonnaithe ar Bhóthar Ghleann Aichle idir Cabhán an Chaorthainn agus Baile na Scríne. Tá an grúpa díreach i ndiaidh siúlóid dheacair ar an tsliabh is airde sa tír, mar atá Corrán Thuathail a dhéanamh agus chuirfeadh siad fáilte roimh bhaill nua ar an Satharn 25 Meitheamh. Más mian leat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid ar Shamhail nó más mian leat níos mó eolas ar an ghrúpa Siúil, dean teagmháil le Cairde Teo ag sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.