13
Jun
2017

Tá Comhairle Uladh den CLG ag eagrú a gcúrsa bliantúil Gaeltachta sna Dúnaibh i mbliana idir 17 agus 21 Iúil. Eagraítear an cúrsa, ar cúrsa saor in aisce do bhaill CLG é, i gcuimhne ar Shéamus de Faoite agus bíonn ranganna ann do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ardranga. Chomh maith le ranganna Gaeilge gach lá, bíonn ranganna amhránaíochta, céilithe, coirm le curaidh Uladh Scór agus Scór na nÓg, léacht speisialta agus seisiún mór ceoil ag deireadh an chúrsa. Tá foirmeacha iarratais ar fáil sa siopa Cult Úr nó ar shuíomh idirlín CLG Uladh.