
Tá tús á chur le grúpa nua siúil do Ghaeilgeoirí, d’fhoghlaimeoirí agus do dhaoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge in Ard Mhacha Déardaoin 15 Meitheamh ar 7pm. Díreoidh an grúpa siúil seo ar oidhreacht Ghaelach agus Cheilteach Ard Mhacha agus an cheantair máguaird. Beidh baill den ghrúpa ábalta labhairt ar ghnéithe éagsúla de shaibhreas cultúrtha na nGael i gcathair Ard Mhacha agus faoin tuath thart orainn. Cuirfear tús leis an chéad siúlóid ag an seanmhainistir ag Stáblaí an Pháláis ar 7pm Déardaoin 15 Meitheamh agus díreofar ar scéal Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh, rapaire as deisceart Ard Mhacha agus laoch na nGael. Tabharfaidh rannpháirtithe cuirt ar an seanphríosún (tábhairne Hole in the Wall), láthair a thrialach (leabharlann Ard Mhacha) agus Cnoc an Chrochta. Beidh siúlóidí eile as seo amach ag díriú ar Eamhain Mhacha, ar sheanteach na mbocht in Ard Mhacha, ar Chath an Átha Bhuí, ar an Bhinn Bhorb, ar Charraig an tSeabhaic agus ar Abhainn na Caille.