Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

18 Jul 2017

Bhí siúlóid iontach ag an ghrúpa oidhreachta nua in Ard Mhacha an Déardaoin seo caite nuair a chuaigh siad ar shiúlóid threoraithe chuig Otharlann Naomh Lúcás. Ba é oifigeach Gaeilge Cairde Teo, Seán Ó Maoilsté a thug an grúpa thart ar na foirgnimh éagsúla laistigh den sean-otharlann, chomh maith leis an trí fhoirgneamh eaglasta atá ar an suíomh. Labhair Seán ar stair na hotharlainne agus ar chuid de na rudaí a tharla ann ó osclaíodh é, bunaithe ar mhiontuairiscí a choinnigh bord na hotharlainne.

Bhí siúlóid na seachtaine seo caite ar an tsiúlóid ba dhéanaí de shraith siúlóidí ina raibh ceann thart ar shuíomhanna a bhain le Séamus Mór Mac Murchaidh, siúlóid ar shuíomh sheantheach na mbocht, siúlóid threoraithe thart ar an Bhinn Bhorb agus cuairt ar an chaisleán, agus siúlóid taobh leis an Challainn. Díreoidh siúlóid na seachtaine seo ar phríomhbhaile ársa chúige Uladh ag Eamhain Mhacha. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 7pm ag CLG na bPiarsach Óg ar Bhóthar Bhaile Uí Chromtha agus leanfaidh sí Bóthar Eamhain Mhacha, go mbuailfidh rannpháirtithe isteach ar an ráth le foghlaim faoi stair agus seanchas an tsuímh ársa. As sin, rachaidh rannpháirtithe ar aghaidh chuig Stáblaí an Rí agus Ráth Uí Eachaidh atá suite i ndeas d’Eamhain Mhacha féin ar Bhóthar na Craoibhe Rua. Pillfidh lucht na siúlóide ansin ar an phointe tosaigh ag CLG na bPiarsach Óg.