Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Aug 2017

Bhí lá den scoth ann ag comórtas camógaíochta Chorn an Átha Bhuí ar na mallaibh a bhí ar siúl ag páirc imeartha Naomh Colmcille ar An Ghráinseach i mbaile fearainn Thulach Uí Dhúnagáin taobh amuigh de bhaile Ard Mhacha.

Tá an comórtas á reáchtáil le seacht mbliana anuas le comóradh a dhéanamh ar na mórimeachtaí staire a tharla sa chuid seo d’Ard Mhacha thart ar 420 bliain ó shin ag Cath an Átha Bhuí.

Le cúpla bliain, bhí an iomaíocht ann idir Cumann Naomh Bríd as Ard Mhacha féin agus Cumann Uí Raithile as Taillte an Choláiste. Ach i mbliana, chuir clubanna eile sa chontae an suim sa chomórtas agus thug lucht eagraithe an chomórtais cuireadh do roinnt foireann faoi aois bheith páirteach ar an lá.

Thug foirne faoi 12 as Coillidh Chanannáin, as na Madáin, as Taillte an Choláiste, as Doire Mhic Cais agus as Naomh Bríd, thug siad sárthaispeántas de scil, de thalann agus de dhíograis os comhair slua mór a bhí i láthair le h-amharc ar an chomórtas. Bhí deis ag achan fhoireann imirt in eadán a chéile agus sa deireadh d’imir an dhá fhoireann is fearr sa chluiche ceannais.

Comórtas ardchaighdeáin a bhí ann mar a bhéifeá ag dúil leis i gcroílár ceantair chamógaíochta Ard Mhacha agus ní raibh mórán idir na foirne uilig agus bhí ardscóranna agus scil le feiceáil ar an lá.

D’imir na cailíní go léir ar teann a ndícheall agus bród acu i ngeansaí an chlub. Sheas roinnt cailíní amach ach go háirithe, Caoimhe Ní Airt agus Jessica Ní Dhonnaile as Naomh Bríd, Róise Ní Ghallchóir agus Cara Ní Mhaolchalann as Doire Mhic Cais, Ciarraí Ní Mhuireagáin agus Alana Ní Dhónaill as na Madáin, agus Natasha Nic Ghiolla Eidich agus Niamh Nic Chionnaoith as Coillidh Chanannáin.

Ba iad Coillidh Chanannáin agus na Madáin a d’imir sa chluiche ceannais agus cé go raibh Coillidh Chanannáin níos láidre sa deireadh, bhí neart scil ón dá fhoireann leis an lucht féachana a choinneáil ar bís.

I ndiaidh bua maith, bhronn Alana Nic Raois ó fhoireann Ard Mhacha Corn an Átha Bhuí ar chaptaen Choillidh Chanannáin agus bhronn sí boinn ar na h-imreoirí go léir ón dá fhoireann.

Bhí duais amháin eile le bronnadh don imreoir is fearr ag an chomórtas. Mar gheall ar leibhéal na scile a léirigh an oiread imreoirí, bhí cur agus cúiteamh ann i measc na moltóirí sular bronnadh Laoch na hImeartha ar Máire Ní Luachráin ó Choillidh Chanannáin

Labhair Gearóid Ó Machail ó CAIRDE Teo agus ó Aonach Mhacha leis an slua mór a bhí i láthair, le buíochas a ghabháil leis na h-imreoirí uilig as páirt a ghlacadh sa chomórtas agus le h-ionadaí Chomhairle Uladh agus príomh-eagraí an chomórtais Síle Ní Néill. Thug sé buíochas fosta do CLG Naomh Colmcille, An Ghráinseach, agus do CAIRDE Teo as urraíocht a thabhairt do na soláistí agus do na boinn.

Labhair Alana Nic Raois agus Síle Ní Néill leis na h-imreoirí óga a d’imir go h-iontach agus thug siad buíochas do gach duine a chuidigh ag an chomórtas, go háirithe Emer Ní Ruanaidh agus Lilly Uí Chlúmháin a bhí i mbun na feadóige.

Mar sin, beidh ainm úr ar Chorn an Átha Bhuí do 2017 ach an mbeidh an t-ainm céanna air ar an bhliain seo chugainn arís? Ná caill amach ar dheis iontach ar an bhliain seo chugainn agus déan cinnte de go bhfuil d’fhoireann cláraithe don chomórtas ar an bhliain seo chugainn.