Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

29 Sep 2017

Beidh an grúpa Siúil ag dul isteach sna Beanna Boirche Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair dá gcéad siúlóid eile. Beidh an grúpa ag tabhairt fá shiúlóid dhúshlánach 7 míle ar Shliabh Binneáin, a bhainfeas airde de 2449 troigh ag an mhullach, ag tosú ar 11am ó charrchlós Carricklittle atá suite ar Head Road taobh amuigh d’Áth na Long. Beidh an tsiúlóid á treorú ag Seán Ó Maoilsté, oifigeach Gaeilge Cairde Teo, atá i ndiaidh an pointe is airde in achan chontae in Éirinn a bhaint amach. Chuir Seán críoch lena dhúshlán ar an Earagail i nGaeltacht Dhún na nGall Dé Domhnaigh 17 Meán Fómhair.

Beidh an tsiúlóid fóirsteanach do dhaoine aclaí a bhfuil taithí mhaith cnocadóireachta acu agus leanfar balla na mBeann Boirche a fhad leis an mhullach agus trasna ag na Cúlchaisleáin, ar toir shuntasacha iad agus ar aghaidh chuig an chol idir Sliabh Binneáin agus Sliabh Lamhacán. Ag brath ar na coinníollacha, bíonn radhairc bhreátha thar Shruth na Maoile agus thar Mhuir Éireann a fhad le Manannán agus ó dheas chuig Sléibhte Chill Mhantáin. Leanfar ar an chosán a fha leis an Loch Gorm agus le Coill Áth na Long.

Tá an grúpa Siúil i ndiaidh siúlóid dheas dhá uair go leith a dhéanamh ar Rian na bhFilí thart ar an Mhullach Bhán i ndeisceart Ard Mhacha. Bhí an tsiúlóid threoraithe seo, a thug cuairt ar Thrí Leac an Bhaile Caoil agus ar shean-iarsmalann an Mhullaigh Bháin, ar an tsiúlóid is deireanaí de chlár siúlóidí míosúla an ghrúpa. Tá cuireadh á thabhairt do rannpháirtithe Siúil páirt a ghlacadh i siúlóid Ghaeilge atá á h-eagrú ag Oireachtas na Gaeilge ag Páirc Foraoise Gosford ar 11am Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair. Beidh siúlóid Gosford níos séimhe agus táthar ag dúil le rannpháirtithe ó Ard Mhacha, ón Dún, ó Thír Eoghain agus ó Mhuineachán. Más mian leat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid ar Shliabh Binneáin nó sa tsiúlóid i bPáirc Foraoise Gosford, is féidir áit a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com. Tabhair faoi deara go bhfuil an tsiúlóid ar Shliabh Binneáin ag brath ar chúrsaí aimsire agus mar sin, ní mór clárú roimh ré.