Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Sep 2017

Tá cuireadh á thabhairt do Ghaeil Ard Mhacha freastal ar sheoladh an leabhair is déanaí le Réamonn Ó Ciaráin, Cú Chulainn, Ulster’s Greatest Hero. Seolfar an leabhar ar 6.o0pm ag ionad Eamhain Mhacha Déardaoin 28 Meán Fómhair. Insíonn an cnuasach seo de scéalta na Ruraíochta scéal an laoich is tábhachtaí i gCúige Uladh. Tá an athinsint seo bunaithe ar Laoch na Laochra, leabhar a scríobh Réamonn ar scéal Chú Chulainn i nGaeilge Chúige Uladh agus cuimsíonn sé réamhscéalta agus scéalta ó Tháin Bó Chualainge. Tugtar an cnuasach seo chun beatha tríd na saothair suntasacha treibhiúla ealaíne le Dara Mac Uíbh Aille.