Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

19 Dec 2017

Ba i Leabharlann Poiblí Ard Mhacha a reachtáladh cruinniú cinn bliana Aonach Mhacha, an eagras atá i ndiaidh seilbh a fháil ar shuíomh an seanstaisiúin dóiteáin sa Seamlas. Cuirfear tús leis an obair tógála ar an ionad cultúir agus ealaíne sa bhliain úr.

Roghnaíodh an leabharlann don chruinniú cinn bliana nó is taifead speisialta de stair chultúrtha agus sóisialta an 18ú Céad in Éirinn, a léiríonn na h-athruithe sa mheon foghlamtha ó 1500.

Chuir an tOirmhinneach Dunstan fáilte roimh an lucht freastail agus thug sé eolas agus turas treoraithe ar na háiseanna ann.

Beidh Aonach Mhacha, a bhfuil tacaíocht leathan pobail faighte aige, beidh sé lonnaithe i gcroílár limistéar caomhantais staire Ard Mhacha.

Beidh réimse seirbhísí in Aonach Mhacha, le reanganna, stiúideonna ceardaíochta, spás do na taibhealaíona agus spás taispeántais, siopa Gaeilge agus caifé, seomraí cruinnithe, aonaid chothaithe fiontar, seomra meáin agus ionad cúraim lae do pháistí agus do theaghlaigh.

Tá an tionscadal caipitil á urrú ag an Roinn Pobail, atá ag cur an chuid is fearr den mhaoiniú ar fáil, agus maoiniú agus iasachtaí breise ó Chiste Infheistíochta Gaeilge, ó Iontaobhas Infheistíochta Pobail Uladh, Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann, Iontaobhas Ultach, Naíscoil Ard Mhacha, Gael Linn, CAIRDE Teo agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha.