Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

26 Jan 2018

Tá pobal na Gaeilge in Ard Mhacha ag ceiliúradh leo agus an dea-scéala ar maidin go bhfuil aitheantas náisiúnta bainte amach arís eile ag CAIRDE Teo i gcomórtas Ghlór na nGael. Tá sé mar sprioc ag na gradaim aitheantas a thabhairt don tsárobair atá ar siúl ag grúpaí pobail ar fud na hÉireann leis an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an oideachas, trí imeachtaí sóisialta, trí imeachtaí óige agus teaghlaigh, agus trí dheiseanna treanála agus fiontraíochta. Bhain CAIRDE Teo an duais sa chatagóir do bhailte le daonra idir 4,000 agus 20,000 agus aithníodh iad taobh le grúpaí as Béal Feirste, as Doire agus as na Gaeltachtaí i nGaillimh agus Port Láirge. Bronnfar na duaiseanna ag searmanas speisialta i mbaile Átha Luain Dé Sathairn 10 Márta. Seo an cúigiú bliain i ndiaidh a chéile go bhfuil Ard Mhacha aitheanta i measc na mbuaiteoirí ag gradaim Ghlór na nGael.

Agus í ag caint ar an duais is deireanaí, dúirt Kerri Ní Gharmaile, oibrí deonach le Cairde Teo, “Deá-sceála amach atá sa duais seo do Ghaeil Ard Mhacha agus cruthaíonn sé go n-aithníonn an tír ar fad an fás leanúnach ar chúrsaí Gaeilge anseo sa chathair. Tá earnáil láidir Gaelscolaíochta anseo in Ard Mhacha agus i mbliana osclaíodh an tríú naíscoil sa chathair féin, agus tá rath mór ar an naíscoil ar an Chéide. Tá racháirt ollmhór ar na ranganna Gaeilge ag Coláiste Chaitríona agus tá an club óige Gaeilge ag dul ó neart go neart. Spreagadh mór atá sa duais seo do Ghaeilgeoirí na cathrach, go háirithe agus an obair tógála ag tosú ar an chultúrlann úr, Aonach Mhacha, sa Seamlas. Agus muid ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge, am spreagúil corraitheach é seo do Ghaeilgeoirí agus d’fhoghlaimeoirí agus do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leas na teanga.”

Chomh maith leis an ghradam sin, fuair Cairde Teo duais speisialta Oireachtas na Gaeilge fosta as an ghrúpa cnocadóireachta, Siúil, a bhíonn a reáchtáil gach mí. Tugann an grúpa deis do Ghaeilgeoirí a bhfuil dúil acu sa chnocadóireacht, sa dúlra agus i stair áitiúil an Ghaeilge a úsáid mar chuid de líonra sláintiúil sóisialta, agus tugann sé deis d’fhoghlaimeoirí cur lena gcuid Gaeilge ar bhealach neamhfhoirmiúil. Tá an grúpa Siúil ar tí tús  a chut lena gclár do 2018 nuair a thabharfas siad cuairt ar Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste ar an Satharn, 3 Feabhra. Mar chuid de chlár na bliana, beidh siúlóidí ar fud an tuaiscirt, ó Dhún na nGall go sléibhte Cuaille, chomh maith le siúlóidí i sléibhte Chill Mhantáin.

Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar Bheann Mhadagáin ar 11am ag an charrchlós ag Caisleán Bhéal Feirste atá suite ar Bhóthar Aontroma. Bíonn radhairc ghalánta ó Bheann Mhadagáin thar chathair Bhéal Feirste agus thar Loch Lao agus tá dún stairiúil ar an tsliabh, darb ainm Dún Mhic Airt, an suíomh inar bhuail Wolfe Tone agus Anraí Joy Mac Reachtain i 1795 le plean a chur le chéile Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe a ghairm i 1798. Ba ar Bheann Mhadagáin a gabhadh Anraí Joy i 1798. Tá Cathaoir an Fhathaigh lonnaithe ar an tsliabh fosta agus deirtear go raibh sé ar cheann de shuíonna chlann Uí Néill. Buaileann an grúpa siúlóide ar an chéad Shatharn de gach mí agus chuirfeadh siad fáilte roimh bhaill úra.