
Beidh Rith 2018 ag teacht chuig an Lorgain Dé Luain 12 Márta agus na reathaithe ag iompar baitín le teachtaireacht dóchais do mhuintir na hÉireann ón Uachtarán, Mícheál D. Ó hUiginn.
Is féile náisiúnta d’Éirinn é Rith 2018 a bheidh ar siúl ón 11-17 Márta 2018 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.
Tá cúrsa leagtha amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhéal Feirste go Lios Tuathail thar seacht lá leis na mílte duine ag glacadh páirte ann.
Is slí é Rith chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceáileach i measc an phobail ar fud na hÉireann, agus airgead á bhailiú d’fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna.
Beidh Rith 2018 ar an Lorgain ag 9.15rn maidin De Luain 12 Márta 2018.
Beidh gach ciliméadar ó thús go deireadh urraithe ag scoileanna, grúpaí pobail, gnólachtaí nó eile. Rachaidh an t-airgead a bhailítear chun tacú le himeachtaí Gaeilge a eagrú ar fud na tíre.
Tá luach €100 ar gach ciliméadar. Is féidir le scoileanna, clubanna spóirt nó grúpaí pobail airgead a bhailiú don chiliméadar sin.
Tá liosta na gciliméadar le feiceáil ag www.rith.ie, áit a bhfuil léarscáil den chúrsa. Is féidir ciliméadar a chur in áirithe ar líne nó teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh an ciliméadar is oiriúnaí a shocrú.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Mharcas Mac Ruairí ag 086 171 9755 nó ar rphost ag marcas@glornangael.ie.