Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Feb 2018

Is ag príomhbhaile ársa na nGael i gCúige Uladh, Eamhain Mhacha, a bheas lainseáil na féile idirnáisiúnta bliantúil, mar atá Seachtain na Gaeilge, ar an Déardaoin beag seo, 1 Márta. I gcomhar le lucht eagraithe na féile, tá Cairde Teo ag cur tús bríomhar le Seachtain na Gaeilge in Ard Mhacha. Tá sé mar sprioc ag an fhéile Gaeilgeoirí ó achan chearn den domhan a spreagadh le ceiliúradh a dhéanamh ar bheocht na teanga agus achan duine eile a spreagadh spéis a chur sa teanga. Ceaptar triúr ambasadóirí achan bhliain leis an Ghaeilge a chur chun cinn i rith Sheachtain na Gaeilge agus i mbliana, is iad na h-ambasadóirí a bheas ann ná Caitlín Nic Aoidh, láithreoir aimsire TG4, Noel McGrath, iománaí Thiobraid Árann a bhain Craobh na hÉireann agus cúpla uileRéalt, agus James Patrice, mórphearsana na meán sóisialta.

Beidh scoth na talainne áitiúla ar an ardán ar an oíche chéanna agus beidh Tiarnán MacGabhann agus Séamus Mac Cionnaoithe ó Phíobairí Ard Mhacha ag cur tús leis an chlár. Ceolfaidh Cailíosa Ní Dhúill, buaiteoir Scór na nÓg Ard Mhacha, cúpla amhrán agus beidh Cleamairí Ard Mhacha a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach acu, beidh siad ann ar an oíche chomh maith. Tá cuireadh á thabhairt do Ghaeil de gach aoisghrúpa bheith ag an seoladh a bheas ar siúl ó 6.30pm ag Ionad Eamhain Mhacha. Beidh neart aoíonna speisialta ann, spraoi, cluichí agus aghaidhphéinteáil do dhaoine óga agus do theaghlaigh, chomh maith le soláistí. Beidh Meon Eile i láthair fosta le taifead a choinneáil den imeacht.

Cuirfidh an seoladh tús le clár pacáilte d’imeachtaí Gaeilge don óige agus don teaghlach, de shiúlóidí, de chainteanna agus de cheiliúradh a mhairfeas go Lá Fhéile Pádraig. Tá Cairde Teo ag eagrú turais do theaghlaigh áitiúla chuig an mhórcharnabhal Gaelach i mBaile Átha Cliath, mar a bheas sa cheiliúradh Beo. Buaicphointe Bhlian na Gaeilge is ea é atá ag ceiliúradh athbheochan na Gaeilge le 125 bliain agus ag comóradh cuid de na buaicphointí stairiúla a tháinig le linn na tréimhse sin. Beidh na mílte Gaeilgeoirí ó achan chearn den tír páirteach i bparáid a fhad le Cearnóg Mhuirfean, áit a mbeidh mórchóisir sráide ann, chomh maith le ceolchoirm leis na bannaí Delorentos, Kíla agus Scannal, agus beidh teachtaireacht thábhachtach á chur amach ón ardán ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn.

I measc na mbuaicphointí eile de chlár Sheachtain na Gaeilge in Ard Mhacha, beidh siúlóid sléibhe ar Shliabh Martáin i gCaisleán Ruairí ar an Domhnach 4 Márta, beidh léacht le Seán Mac Labhraí ar na cainteoirí dúchais deireannacha a labhair canúint Ard Mhacha Dé Céadaoin 7 Márta. Beidh dream Gaeilgeoirí páirteach sa rith páirce in Ard Mhacha Dé Sathairn 10 Márta, beidh béile agus cóisir speisialta ag Embers ar an Mháirt 13 Márta agus beidh turas speisailta do bhaill Chumann Óige Ard Mhacha. Chomh maith leis na h-imeachtaí seo, beidh comórtas siamsaíochta Gael Linn, Coirm, beidh sé ar siúl Dé Céadaoin 28 Feabhra, beidh tráth ceisteanna CLG Uladh ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa agus beidh ceolchoirm bliantúil Phíobairí Ard Mhacha ar siúl Dé Domhnaigh 11 Márta ag Amharclann Phlás an Mhargaidh. Cuirfear deireadh le h-imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar 17 Márta le h-aifreann Gaeilge agus seirbhís Ghaeilge sa dá ardeaglais de Naomh Pádraig.