Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

19 Apr 2018

Tá ionadaithe ó CAIRDE Teo i ndiaidh pilleadh ó chuairt ar an Òban, Glaschu, Dùn Èideann agus ar Mhuile. Fuair an comhar Gaeilge atá lonnaithe in Ard Mhacha maoiniú ó Cholmcille le tionscadal malartuithe cultúir a eagrú idir Ghaeilgeoirí in Ard Mhacha agus ar lucht labhartha Gàidhlig in Albain.

Tháinig an turas sna sála ar mhalartuithe eile idir CAIRDE Teo agus réimse grúpaí cultúir i Steòrnabhagh, Inbhir Nis, Glaschu agus ar an Eilean Sgitheanach le caidreamh a chothú roimh oscailte na cultúrlainne, Aonach Mhacha, i gcathair Ard Mhacha sa bhliain 2019.

I measc na toscaireachta trasphobail as Ard Mhacha, bhí beirt scoláirí as Coláiste Chaitríona atá ag léiriú cláir raidió do Raidió Fáilte ar na cosúlachtaí agus ar na naisc idir lucht labhartha na Gaeilge in Ultaibh agus in Albain. Mhínigh Veronique Nic Éinrí, ionadaí óg le Cairde Teo, go raibh an chuairt mar chuid de thionscnamh atá an grúpa a reáchtáil le cur le hidirchaidreamh agus le tuiscint cultúrtha:

“Tá CAIRDE Teo ag iarraidh an plé ar an Ghaeilge sa phobal a chasadh agus an teanga a úsáid mar uirlis le níos mó tuisceana agus comhoibrithe a chruthú idir mhuintir Uladh agus muintir na hAlban.

“Agus sin ar intinn again, bhuail muid le roinnt gníomhaireachtaí i nDùn Èideann agus i nGlaschu, ina measc An Lòchran, Fèisean nan Gàidheal, Comhairle nan Leabhraichean agus Comunn na Gàidhlig. Bhí lúcháir orainn cuireadh a thabhairt do na grúpaí Gàidhlig seo teacht agus ceolchoirmeacha, léachtaí agus taispeántais a eagrú san ionad cultúir in Ard Mhacha atá á dtógáil faoi láthair.

“Chomh maith leis sin, bhí cruinniú fiúntach againn le labhairt ar obair na heagraíochta le Lisa Marie Joyce, leas-chonsal na hÉireann in Albain, ag Consalacht Rialtas na hÉireann i nDùn Èideann.

“Thapaigh muid an deis le cur in iúl don leas-chonsal go raibh an tionscnamh seo dírithe ar chaidreamh pobail, ar fheasacht cultúrtha agus ar chomhthuiscint i gcathair Ard Mhacha. Mhínigh sí go raibh na cuspóirí sin ag teacht le cuid mhór den obair atá ar siúl ag a h-oifig féin in Albain”.

Chuaigh scála na hathbheochana ar an Òban go mór I bhfeidhm ar thoscaire eile as Cairde Teo, Bríd Ní Aodha:

“Eispéireas speisialta a bhí sa chéad turas chuig an Ionad um Ealaíona Comhaimseartha ar Sráid Sauciehall i nGlaschu. Fear de bhunadh an Bhaile Úir anseo in Ard Mhacha atá sa choimeádaí, Francis McKee, agus láneolas aige ar chúrsaí cultúir. Bhí sé go hiontach bualadh le Karin Oakley, Oifigeach Forbartha Fèisean nan Gàidheal d’Innse Gall. Thug sí muid go Fèis Latharna a bhí ar siúl ar an Òban agus bhain muid ardsult as. Bíonn Fèis Latharna ag teagasc ceoil thraidisiúnta agus ealaíona Gàidhlig do dhaoine óga idir 8-18 bliain d’aois. Bhí níos mó ná 200 páiste ag foghlaim na bpíob, na gcláirseach, na mboscaí ceoil, na bhfeadóg stáin, na camanachd agus na hamhránaíochta nuair a bhí muid ann. Bhí lúcháir orainn go raibh a oiread páistí ag foghlaim traidisiún Gaelacha i rith shaoire na Cásca.

“Ina dhiaidh sin, chuaigh muid isteach go Muile, agus bhuail muid le Seònaid MacDonald, cathaoirleach ar Choiste Mòd Ionadach na Dreòlluinn. Thaifead muid roinnt agallamh agus réamhchleachtadh ceoil le Cór Mhuile agus thug muid cuairt ar an bhaile beag galánta Tobar Mhoire (áit inar taifeadadh an clár teilifíse do pháistí Balamory) sular phill muid ar an mhórthír.

“Bhí roinnt ceachtanna Gàidhlig again fosta agus muid in Albain agus thug muid faoi deara na cosúlachtaí uilig idir theanga dhúchais na hÉireann agus teanga dhúchais na hAlban (a thagann ón mháthairtheanga chéanna)”.

Ba mhaith le toscaireacht CAIRDE Teo buíochas a ghabháil le Colmcille as an chúnamh airgeadais a chinntigh gur éirigh leis an turas agus ba mhaith leo buíochas a ghabháil le Consalacht na hÉireann agus leis na heagraíochtaí agus gníomhaithe Gàidhlig go léir a chuir fáilte chróiúil rompu agus iad in Albain”.