
Bhí Cairde Teo mar chuid de thoscaireacht d’eagraíochtaí Gaeilge a bhuail le roinnt saineolaithe idirnáisiúnta ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i mBéal Feirste. Ba é POBAL, an eagraíocht neamhspleách abhcóideachta do phobal na Gaeilge, a rinne comhordú ar an chuairt oifigiúil Dé Luain 14 Bealtaine. Reáchtáil POBAL dhá seisiún eolais ar an Ghaeloideachas agus ar ceisteanna eile ó Cuid III den Chairt a bhaineann le cur chun chin na Gaeilge.
Ag labhairt di i ndiaidh cuairt na saineolaithe, dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL, “Thug muid cuireadh do réimse eagrais Gaeilge teacht agus eolas a chur roimh na Saineolaithe faoi na meáin, ghairmoideachas, soláthar do na Luath Blianta, áiseanna srl.” Bhí Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cairde Teo, i láthair le labhairt ar sholáthar na n-ealaíon Gaeilge agus ar chomharthaíocht i nGaeilge. Dúirt Seán gur deis maith a bhí sa chruinniú ag pobal na Gaeilge buarthaí a chur in iúl don choiste saineolaithe maidir le soláthar seirbhísí, “Labhair muid faoi réimse leathan gnéithe agus seirbhísí atá cuimsithe i gCairt na hEorpa agus ba léir go raibh díomá ar na h-ionadaithe ó Choiste na Saineolaithe nach raibh mórán dul chun cinn déanta ag leibhéal na n-údarás áitiúil i gceantair éagsúla. Thacaigh siad fosta leis an éileamh ar Acht Gaeilge leis an teanga a chosaint ó ionsaithe polatiúla mar a tharla leis an scéim Líofa agus leis an bhád ‘Banríon Uladh’.” Ar na heagraíochtaí eile a ghlac páirt sna seisiúin, bhí Comhairle na Gaelscolaíochta, An tÁisaonad, Gael-Linn, An Droichead, Conradh na Gaeilge, Gaelchúrsaí agus Turas, an tionscadal trasphobail atá lonnaithe ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in oirthear Bhéal Feirste. Agus iad anseo, bhuail na saineolaithe le h-ionadaithe ón rialtas agus le grúpaí Albainis Uladh chomh maith.
Bhuail Stiúrthóir POBAL, Janet Muller agus Mary Delargy, baill coiste POBAL, leis na Saineolaithe agus d’iarr siad orthu Acht Gaeilge a lorg ó rialtas Wetsminster anois mar cheist phráinneach. Freagracht rialtas na Breataine é agus ar a bharr sin, tá anois folúntas ann anseo is an tionól ar fionraí. Dúirt Janet, ‘Tuigeann na Saineolaithe chomh deacair is a bhí cúinsí na Gaeilge abhus, agus bhí muid in ann taighde nua a chur rompu chomh maith faoin Ghaeloideachas, faoi chur i gcrích na Cairte sna húdárais rialtasacha, sna cúirteanna agus srl. Aithníonn an COMEX an obair uilig atá déanta ag POBAL ó bhí 2000 ann maidir leis an Chairt, agus beidh muid ag comhordú agus ag éascú sraith de sheisiúin eolais le cuidiú leo nuashonrú a fháil ar cad é mar a sheasann rudaí faoi láthair. Beidh tábhacht ar leith lenár n-ionchur an t-am seo mar gheall ar theip na gcainteanna polaitíochta ar na mallaibh agus áit lárnach na teanga iontu.’
Lean Janet, ‘Arís eile, theip ar rialtas na Breataine agus ar an tionól eolas cruinn a chur ar fáil do na Saineolaithe ar chur i gcrích na Cairte. Roimhe seo, ní raibh an tionól sásta teacht ar chomhaontú ar thuairisc de Chomhairle na hEorpa, agus dar ndóigh, faoi láthair, tá an tionól ar fionraí. Ciallaíonn sin go bhfuil obair POBAL ar an Chairt níos tábhachtaí arís ná riamh roimhe.’
Bhí na daoine seo a leanas i mBéal Feirste ar son an COMEX: Dr Aleksandra Oszmiańska-Pagett, Rapporteur ar an RA, comhalta COMEX ón Pholainn; An tOll. Dr Gerard René de Groot, comhalta COMEX ón Íseal Tír agus an tOll. Matthew MacIver, ccomhalta COMEX ón RA, chomh maith le Joerg Horn ó rúnaíocht na Cairte. Agus í ag labhairt ar Acht Gaeilge i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an Dr Aleksandra, “Ó thaobh na praiticiúlachta de, rud bunriachtanach atá in Acht Gaeilge a chinnteodh nach féidir oideachas, cultúr agus na meáin a úsáid mar liathróid pholaitiúil a thuilleadh.”