
Ba i nDearclaigh a eagraíodh an tsiúlóid dheireanach sa tsraith dhátheangach siúlóidí oidhreachta oíche Dhéardaoin. Tá na siúlóidí á n-eagrú ag Cairde Teo agus bíonn siad ar siúl thart ar an chathair agus ar an cheantair máguaird, dírithe ar fhoirgneamh nó áit atá luaite le stair nó le h-oidhreacht áitiúil. Ba é cathaoirleach Ghrúpa Pobail Dhearclaigh, Liam Ó Manacháin, staraí áitiúil agus údar an leabhair The History of Darkley, a bhí mar threoraí ar an tsiúlóid agus labhair sé ar stair, ar sheanchas agus ar scéalta an cheantair agus na ndaoine. Eagraíodh an tsiúlóid i nGaeilge agus i mBéarla agus bhain na rannpháirtithe as Ard Mhacha, as an Chéide agus as Dearclaigh an-sult as. Tá cúpla léirmhíniú ar an logainm Dearclaigh, mar áit a bhfuil pluaiseanna ann nó Place of the Caves, claí thart ar mhullach darach nó Oak Mound Ditch nó áit dearctha nó Place of Lookout ón bhriathar dearc.
Cuireadh tús leis an tsiúlóid dhátheangach, a bhí ar siúl ar Ghrianstad an tSamhraidh, i mbaile Dhearclaigh féin agus lean sé Bóthar an Damba, a fhad le Loch Thulaigh na bhFód, thar Lochán Dhearclaigh agus ar Bhóthar na Marcach ar ais chuig muileann agus simléar Dhearclaigh. Deirtear gur in aice le Loch Thulaigh na bhFód a chríochnaigh Clann Lir a dturas nuair a tiontaíodh na páistí ina n-ealaí agus gur phill siad ar áit dhúchais a n-athair, a deirtear a bhfuil cónaí air faoi Charraig an tSeabhaic. Shiúil na rannpháirtithe ar Bhóthar na Marcach, ainm ag tagairt do mharcaigh na Craoibhe Rua, ag leanstan i gcéimeanna na gcéadta oibrithe a tháinig as Muineachán agus as an Chabhán le bheith ag obair sa mhuileann agus sa mhonarcha i nDearclaigh. Insíodh neart scéalta faoi mhuintir Dhearclaigh agus faoi thaibhsí an cheantair ar an bhealach agus insíodh scéal na monarchan agus an línéadaigh fosta.
Eagraíodh an tsiúlóid i nDearclaigh sna sála ar an chéad siúlóid den tsraith ag Eamhain Mhacha agus Stáblaí an Rí, a raibh Réamonn Ó Ciaráin, údar le Laoch na Laochra agus le Cú Chulainn, Ulster’s Greatest Hero, mar threoraí air. Beidh an chéad siúlóid eile ann Déardaoin 28 Iúil agus í dírithe ar Ospidéal Naomh Lúcás. Tosóidh an tsiúlóid ar 7pm os comhair na Plainéadlainne, agus siúlfaidh rannpháirtithe ar Lána Mhullach an Iúir sula mbainfidh siad taillte an ospidéil chlúitigh amach. Tá sé beartaithe ag an ghrúpa cuairt a thabhairt ar Thaiscumar Shuí Eacháin ar 5 Iúil, ag tosú ar 7pm ag Rian an Tairbh in aice le teach pobail Bhaile Mhic an Aba agus rachaidh siad thart ar an taiscumar féin. Tá siúlóidí eile beartaithe thar an samhradh in Áth an Mhuilinn agus i mBaile Ard, ar Shlí an Átha Buí, i gCoill Bhaile an Mhaoir agus i nGlasloch. Le tuilleadh eolais a fháil ar na siúlóidí agus ar thúsphointí na siúlóidí,m coinnigh súil ar leathanaigh Facebook agus Twitter Cairde Teo.