Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

28 Aug 2018

Cuirfear tús arís eile le ranganna oíche Gaeilge in Ard Mhacha do gach leibhéal foghlaimeora ar an Chéadaoin 19 Meán Fómhair. Bíonn na ranganna, a dhíríonn ar an Ghaeilge labhartha, ar siúl sa tSruth Ghaeilge i gColáiste Chaitríona. Agus an ghaelscolaíocht faoi bhláth in Ard Mhacha, bíonn rath agus éileamh mór ar na ranganna ó thuismitheoirí a bhfuil páistí acu i naíscoileanna, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna áitiúla. Má tá spéis agat an Ghaeilge a fhoghlaim den chéad uair nó snas a chur ar an Ghaeilge atá agat, tá cuireadh ar leith a thabhairt duit teacht agus páirt a ghlacadh i bpobal na Gaeilge in Ard Mhacha. Is féidir clárú do na ranganna trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229 nó trí bhualadh iteach ar oifid CAIRDE Teo in Ionad Siopadóireachta an Eurospar ar Sháid Thomáis.

Chomh maith leis na ranganna oíche, beidh Cairde Teo ag reáchtáil dianchúrsa lae ar an Satharn 15 Meán Fómhair i gcomhar le Coiste Cultúir CLG Ard Mhacha idir 10.30am agus 3.30pm sa Pháirc Lúthchleasa in Ard Mhacha. Clúdófar lón sa chostas £10 ach ní mór spás a chur is áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar sean@cairdeteo.com nó ar 028 3751 5229. Tacaíonn Cairde Teo leis an togra Líofa, a thug an t-iarAire Cultúir, Ealaíne agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, isteach le daoine a spreagadh tiomantas pearsanta a thabhairt an Ghaeilge a fhoghlaim agus líofacht a bhaint amach sa teanga. Tá breis agus 21,000 duine i ndiaidh a chlárú le Líofa agus tá Cairde Teo ag iarraidh ar fhoghlaimeoirí Ard Mhacha glacadh leis an tiomantas fosta.

Tá an dianchúrsa mar chuid d’Fhéile an Fhómhair, atá á reáchtáil thar dheireadh seachtaine 14-16 Meán Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge. Beidh ócáid speisialta teaghlaigh ar siúl Dé hAoine 14 Meán Fómhair le fulacht fia agus dioscó in Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise ó 6.30pm. An mhaidin dar gcionn, tá cuireadh a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus d’fhoghlaimeoirí páirt a ghlacadh sa Parkrun in Ard Mhacha, a thosaíonn ar 9.30am ag Diméin an Pháláis. Beidh na dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ina dhiaidh sin idir 10.30am agus 3.30pm. Ar an Domhnach, beidh siúlóid a fhad le Seiseach Mhic Chairill le cluinstin faoin stair a bhaineann leis agus cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 3pm ar an Bhinn Bhorb féin. Ar an bhealach ar ais, stopfaidh an grúpa sa teach tábhairne Bottle of Benburb dá sieiún ceoil le deireadh a chur le ceiliúradh an deireadh seachtaine.