Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

20 Sep 2018

Tháinig Gaeil Ard Mhacha le chéile ar na mallaibh fá choinne fhéile dheireadh seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, mar chuid de chlár leathan imeachtaí thart ar an domhain a dhéanann aithníonn éactaí athbheochan na Gaeilge agus comóradh ar 125 bliain ó bhunú Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag Bliain na Gaeilge pobal na teanga a spreagadh le ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach agus le níos mó daoine a mhealladh an Ghaeilge a fhoghlaim agus ról níos gníomhaí a ghlacadh i bpobal na Gaeilge.

Cairde Teo a d’eagraigh Féile an Fhómhair, a fuair páirtmhaoiniú agus tacaíocht ó chiste Bhliain na Gaeilge. D’éirigh go h-iontach le cóisir agus dioscó teaghlaigh lánGhaeilge ar an Aoine agus bhí freastal maith air, rud a léiríonn go bhfuil pobal óg na teanga ag dul ó neart go neart. Bhí neart teaghlaigh ann a bhfuil an Ghaeilge mar chéadteanga acu agus teaghlaigh a bhfuil páistí acu ar Ghaelscoileanna i láthair ag cóiris píotsa ag Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise. Mar chuid den dioscó, bhí popamhráin Ghaeilge le leithéidí Kodaline, The Coronas agus Picture This agus roinnt ceoltóirí idirnáisiúnta amhail Ed Sheeran, Macklemore agus Wheatus, a bhfuil leaganacha Gaeilge taifeadta acu de roinnt móramhráin dá gcuid. Mar chuid den dioscó, reachtáladh comórtas greannmhar céilí idir na tuismitheoirí agus na páistí agus theagaisc Réamonn Ó Ciaráin Tonnta Thoraí dóibh sular fógraíodh gurbh iad na tuismitheoirí na buaiteoirí agus físeán dá damhsa ag scaipeadh go tréan ar Facebook.

Ghlac grúpa Gaeilgeoirí páirt sa Parkrun seachtainiúil maidin Shathairn ag an chúrsa dúshlánach 5km ag Páirc Phoiblí Dhiméin an Pháláis. Bhí dianchúrsaí Gaeilge ar siúl i gCeannáras CLG Ard Mhacha ag an Pháirc Lúthchleasa ar an Satharn fosta. Bhí neart foghlaimeoirí ó achan chuid den chontae i láthair ag an bhunrang, meánrang agus ardrang a bhí á dteagasc ag Seán Ó Maoilsté, Líosa Nic Ruairí agus Seán Ó Farraigh. Tháinig deireadh leis an fhéile ar an Domhnach le siúlóid dhátheangach oidhreachta thart ar an Bhinn Bhorb agus a fhad leis an lios stairiúil ag Seisíoch Mhic Chairill. Bhí an staraí agus údar áitiúil, Art Ó Dálaigh, mar threoraí agus labhair sé ar logainmneacha an cheantair agus ar na cathanna agus imeachtaí stairiúla a tharla ar an Bhinn Bhorb thar na blianta. I ndiaidh dóibh cuairt a thabhairt ar an lios ársa ríoga ag Seisíoch Mhic Chairill, bhuail na rannpháirtithe isteach ar an mhórsheisiún ceoil sa teach tábhairne Bottle of Benburb.