Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

25 Sep 2018

Am corraitheach agus cinniúnach i bhforbairt na Gaeilge in Ard Mhacha é seo agus obair tógála tosaithe sa deireadh thiar thall ar an chultúrlann úrnua sa chathair. Aonach Mhacha a bheas ar an ionad cultúir agus ealaíne, ainm a thagraíonn siar do ré órga na nGael i bpríomhbhaile spioradálta na cúige, nó Aonach Mhacha a bhí ar an phríomhthionól sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil in Ultaibh.

Tá dream díograiseach deonach ag obair ar an tionscadal le blianta beaga anuas agus in ainneoin na gconstaicí agus na gcastachtaí a thit amach ar chasán ciotach tógála caipitil den tseórt, tá pobal Gaelach na cathrach ag ceiliúradh faoi dheireadh agus fios acu go bhfuil a mór-ionad féin ar na bacáin go luath. Táthar ag dréim leis go mbeidh an tionscadal réidh i mí Iúil 2019.

Tá maoiniú carnaithe ag Aonach Mhacha ón Roinn Pobail (An Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta mar a bhí), ón Chiste Infheistíochta Gaeilge, ó Ghael Linn, ó Iontaobhas Ultach, ó Chomhairle Ard Mhacha, Deoichead na Banna agus Creag Abhann, ó Fhondúireacht Garfield Weston, ó Iobtaobhas Infheistíochta Pobail Uladh, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ó CAIRDE Teo agus ó Naíscoil Ard Mhacha.

Beidh Aonach Mhacha mar fhógra agus mar ráiteas muiníne go bhfuil borradh millteanach faoi theanga ársa na nGael sa chathair. Tá an tionscadal á bhrú chun tosaigh le tamall ag gníomhaithe Gaeilge an cheantair agus beidh toradh a saothair saoil le feiceáil go han-luath ag Gearóid Ó Machail, Réamonn Ó Ciaráin, Seán Ó Maoilsté, Antaine Ó Donnaile, agus Áinín Ní Eachaidh.

Mórthionscadal £2 milliún atá in Aonach Mhacha a chruthóidh spás úr-aimseartha agus ilfheidhme do na Gaeil agus do na daoine a bheas ina nGaeil mar thoradh air. Beidh siopa agus caifé agus spás ilfheidhme ann do choirmeacha ceoil, drámaí, imeachtaí sóisialta, aclaíochta agus óige. Tabharfaidh sé baile úr do roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha seanbhunaithe agus nuabhunaithe atá ag feidhmiú sa chathair, agus cuirfidh sé go mór leis na tionscadail atá ar siúl cheana leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Cuirfidh sé fosta leis an tsoláthar do theaghlaigh agus beidh spás taispeántais, stiúdeo ilmheáin, seomraí ranga, spás ceardlainne agus aonaid chothaithe sochfhiontair ann fosta.

Údar spreagtha agus misnigh don phobal a bheas in Aonach Mhacha agus cruthófar fuinneamh úr in athbheochan na Gaeilge sa chathair. Go maire muintir Ard Mhacha a n-ionad úr.