Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

28 Sep 2018

Tá an Ghaelscolaíocht in Ard Mhacha ag fás léi i rtih ama dar le coiste úr a tháinig le chéile le tabhairt faoin ghanntanas spásanna agus freastal ar an éileamh mór san earnáil.

Bunaíodh ‘Cairde Ghaelscoil Ard Mhacha’ ag tús na bliana mar gheall ar bhrú ó thuismitheoirí nach raibh ábalta spás a fháil sna Gaelscoileanna reatha. Tá an grúpa ag obair i gcomhar le h-oifigigh ó Chomhairle na Gaelscolaíochta le moltaí agus plean gníomhaíochta a fhorbairt chun freastal ar an éileamh i gcathair Ard Mhacha agus sa cheantar máguaird.

Osclaíodh Naíscoil Na Caille, an tríú naíscoil sa chathair, i mí Mheán an Fhómhair 2017. Faoi láthair, tá an naíscoil lonnaithe ag Desart Lodge Nursery go sealadach go bhfuil an naíscoil nua atá mar chuid de lárionad úr spóirt agus pobail CLG Chláirsigh Ard Mhacha réidh ar an bhliain seo chugainn. Tá pleananna ann anois leis an chéad Ghaelscoil neamhspleách neamh-shainchreidmheach a bhunú sa chathair i Meán Fómhair 2019.

Tháinig fás leanúnach ar earnáil na Gaelscolaíochta in Ard Mhacha le deich mbliana anuas. I Meán Fómhair 2009, bhí 261 ag freastal ar sholáthar Gaelscolaíochta in Ard Mhacha agus táthar ag dréim leis go mbeidh 466 ag freastal air i Meán Fómhair 2019. Méadú de bheagnach 80% é seo agus fianaise ar an éileamh leanúnach ar sholáthar Gaelscolaíochta in Ard Mhacha.

Ba mhaith le ‘Cairde Ghaelscoil Ard Mhacha’ buíochas a ghabháil le Declan Toal as CLG Chláirsigh Ard Mhacha as an chur i láthair a thug sé ar an tionscadal caipitil, le Comhairle na Gaelscolaíochta as an chuidiú uilig leis an Moladh Forbartha agus le Jackie Kelly as Kelly’s Bar a chuir suíomh ar fáil don chruinniú ar na mallaibh.

Más mian leat tuilleadh eolais ar an earnáil oideachais is mó fáis, buail isteach ar oifig CAIRDE Teo, Sráid Thomáis, Ard Mhacha le teacht ar eolas agus comhairle do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí a bhfuil spéis acu i mbuntáistí breise na Gaelscolaíochta. Beidh níos mó sonraí ar fáil sna seachtainí amach romhainn maidir leis an dóigh gur féidir páistí a chlárú don Ghaelscolaíocht.