Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

18 Jan 2019

Fuair pobal na Gaeilge in Ard Mhacha ardú mór meanma an tseachtain seo nuair a fógraíodh torthaí ghradaim bhliantúla Ghlór na nGael do chur chun cinn na Gaeilge.

D’éirigh le cathair Ard Mhacha ceithre duais a bhaint san iomlán, bua suntasach agus iomaíocht ghéar ó bhailte agus cathracha ar fud na tíre. Chomh maith leis na duaiseanna uilig, tá áit bainte ag CAIRDE Teo ar an ghearrliosta don phríomhdhuais náisiúnta a fhógrófar ag bronnadh speisialta a bheas ar siúl i mí Feabhra ag Óstán Ghasáin i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí.

Ba é an chéad ghradam a fuair an grúpa nuálach as Ard Mhacha ná duais Ógras, urraithe ag an eagras náisiúnta a chuireann an obair óige trí mheán na Gaeilge chun tosaigh. Tugann an gradam aitheantas ar ról CAIRDE Teo ag eagrú dhá chlub óige Gaeilge; turais agus malartáin rialta; an scéim shamhraidh a mbíonn ardéileamh air mar atá Campa Mhacha; agus roinnt cúrsaí atá dírithe ar scileanna fiontraíochta agus cumarsáide do dhaoine óga.

Tugann na clubanna óige, do pháistí ag Eochairchéimeanna 2 agus 3, réimse gníomhaíochtaí agus clár structúrtha a dhíríonn ar phobal, ar chomhshaol agus ar oidhreacht Ghaelach Ard Mhacha. Chuir Aodhán Mac Tréinfhir, ceannaire óige, fáilte roimh an duais, “Aitheantas cuí é seo mar gheall ar an méid oibre atá ar siúl in Ard Mhacha leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo bhríomhar do na céadta páistí agus daoine óga a d’fhreastail nó atá ag freastal ar Ghaelscoileanna an cheantair. Trínár gclár óige, ba mhaith linn na páistí a spreagadh scileanna agus suimeanna nua a fhorbairt ina gcéadtheanga féin agus mórtas a chothú iontu ina gceantar, ina n-oidhreacht agus ina bpobal féin.”

Agus duais Ógras díreach fógartha, tugadh duais An Timire d’Ard Mhacha as an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí an chreidimh, na spioradáltachta agus an charthanais. Iris Gaeilge atá in An Timire a fhoilsíonn Ord na nÍosánach agus cuimsíonn an duais seirbhísí agus imeachtaí a bhaineann le cúiseanna creidimh agus carthanachta, mar shampla aifreann seachtainiúil Gaeilge Ard Mhacha, na seirbhísí bliantúla ar Lá Fhéile Pádraig sa dá ardeaglais agus cur chun cinn na Gaeilge mar mhodh athmhuintearais ilchultúir agus imeasctha pobail.

Bronnagh duais Chomhairle na Gaelscolaíochta ar CAIRDE Teo fosta as forbairt na Gaelscolaíochta in Ard Mhacha. Aithníonn an gradam seo an sárobair a rinne coiste áitiúil deonach le Naíscoil na Caille a bhunú – an tríú naíscoil in Ard Mhacha agus an obair leanúnach leis an chéad Ghaelscoil a bhunú sa chathair; beidh Gaelscoil Ard Mhacha oscailte i Meán Fómhair 2020.

Ar deireadh, tugadh an chéad áit d’Ard Mhacha as cur chun cinn na Gaeilge i gceantar le daonra idir 4,000 agus 20,000. Aithníonn an gradam seo comh-iarrachtaí an phobail ar fad leis an teanga a fhorbairt tríd an oideachas, trí imeachtaí cultúrtha, trí fhéiltí agus imeachtaí sóisialta, tríd an obair óige, trí thacaíocht teaghlaigh, trí oiliúint, trí fhiontraíocht agus trí dheiseanna fostaíochta.

Ardú meanma iontach tráthúil atá sna duaiseanna do phobal na Gaeilge, agus an lárionad Gaeilge agus cultúir le h-oscailt ag an Seamlas in Ard Mhacha i mí Lúnasa 2019. Ag caint ar na gradaim, arsa Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE Teo;

“Aitheantas tábhachtach dúinn é gradaim Ghlór na nGael a dhearbhaíonn dúinn go bhfuil obair mhór ar siúl ag pobal na Gaeilge in Ard Mhacha. Is cinnte go dtabharfaidh na gradaim seo misneach breise do Ghaeilgeoirí iarracht níos mó a chur isteach i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaeilge sa mhórcheantar.

Agus cultúrlann Aonach Mhach le h-oscailt níos moille i mbliana, beidh Gaeil Ard Mhacha níos gnóthaí ná riamh. Ar son phobal na Gaeilge in Ard Mhacha, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Glór na nGael, le hÓgras, leis An Timire agus le Comhairle na Gaelscolaíochta as muinín a chur ionainn as an obair leis an Ghaeilge a fhás in Ard Mhacha.”