Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

12 Nov 2019

Sainchuntas Poist: Cultúrlann Aonach Mhacha
Bainisteoir Ionaid agus Forbartha
Lán-aimseartha

An Ról
Is ról ar leith é seo do dhuine ar mhaith leo bheith mar chuid de thogra úrnua suntasach i gCathair Ard Mhacha. Beidh an duine a cheapfar freagrach as pleananna straitéiseacha a chur i gcrích, comhordú a dhéanamh ar imeachtaí na Cultúrlainne agus bainistiú ginearálta a dhéanamh ar an eagraíocht.

Beidh ról lárnach ag an Bhainisteoir le reáchtáil éifeachtach an ionaid a chinntiú. Gné thábhachtach den ról seo ná an t-ionad a fhorbairt, lena n-áirítear áiseanna agus seirbhísí a fheabhsú, deiseanna a aimsiú trí mhargaíocht, trí ghréasánaíocht agus trí chomhoibriú le
grúpaí eile.

Beidh cumas ag an Bhainisteoir bheith ag obair as a stuaim féin agus duine féinspreagtha a bheas ann. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha, mar bhainistíocht líne, tacaíocht agus meantóireacht don Bhainisteoir úr le cuidiú leo a gcuid spriocanna a bhaint amach sa ról úr.

Dualgais agus Freagrachtaí
• Pleananna forbartha straitéiseacha a ullmhú agus a chur i bhfeidhm (plean margaíochta san áireamh) i gcomhar leis an Bhord;
• Clár imeachtaí na Cultúrlainne a chomhordú i gcomhar leis an Bhord Stiúrtha agus le tionóntaí agus/nó le grúpaí eile;
• Ionadaíocht a dhéanamh ar an eagraíocht ag ócáidí, comhdhálacha nó eile;
• Deiseanna foinsí ioncaim agus tacaíochta a aithint agus iarratais a dhéanamh dá réir do thionscadail úra agus reatha.
• Polasaí caiteachais a chur i bhfeidhm san eagraíocht agus taifead a choinneáil ar gach ioncam agus caiteachas san eagraíocht go leictreonach;
• Cuidiú le struchtúr bainistíochta láidir a chur i bhfeidhm san eagraíocht do bhaill foirne na Cultúrlainne agus d’oibrithe deonacha;
• Úsáid na Gaeilge agus tiomantas don teanga a chur chun cinn i ngach gné d’obair na heagraíochta;
• Riachtanas oiliúna foirne agus coiste a aithint agus oiliúint a shocrú ar na riachtanais siúd;
• Comhoibriú le grúpaí pobail, gnóthaí áitiúla agus eagraíochtaí rialtais leis an eagraíocht a chur chin cinn;
• Comhoibriú le tionóntaí le sástacht a chinntiú maidir le rátaí cíosa agus seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh;
• Deiseanna do thionscadail úra a aithint san eagraíocht.
• Tuairiscí oibre agus airgeadais a ullmhú don Bhord Stiúrtha agus freastal ar chruinnithe Boird (An Cruinniú Cinn Bliana san áireamh)
• An eagraíocht a chur chun cinn trí straitéis mhargaíochta a chur i bhfeidhm (uasdátaithe ar shuíomh na Cultúrlainne, uasdátaithe ar na meáin shóisialta agus plé leis na meáin thraidisiúnta san áireamh);
• Conarthaí glantóireachta agus cothabhála a shocrú de réir mar is cuí le h-ord cuí a choinneáil san fhoirgneamh;
• Polasaí sláinte agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm san eagraíocht, i gcomhar leis an Bhord Stiúrtha; agus
• Dualgais réasúnta eile de réir mar is gá le reáchtáil éifeachtach na Cultúrlainne a chinntiú.

Cáilíochtaí agus Taithí
Riachtanach:
• Líofacht sa Ghaeilge, idir labhartha agus scríofa;
• Taithí san earnáil dheonach nó san earnáil fhorbartha pobail;
• Scileanna ríomhaireachta (pacáistí Microsoft san áireamh);
• Scileanna ar úsáid na meán sóisialta ar bhonn gairmiúil;
• Taithí le buiséid agus le h-iarratais mhaoinithe;
• Taithí in eagrú agus comhordú imeachtaí;
• Taithí bheith ag obair le páirtithe leasmhara;
• Scileanna cumarsáide idirphearsanta den chéad scoth;
• Duine muiníneach agus réamhghníomhach le meon spreagtha;
• Duine eagraithe atá in ann obair laistigh d’achar ama gairid;
• In ann pleanáil a dhéanamh, tosaíochtaí a oibriú amach agus dualgais a roinnt de réir mar is cuí;
• In ann rúndacht a choinneáil; agus

Inmhianaithe:
• Oideachas Tríú Leibhéal ar ábhar ábhartha; agus
• Taithí i mbainistiú foirne.

Eile
• Coimitmint láidir do sheirbhísí pobal-bhunaithe;
• Ábalta bheith ag obair corruair ag an deireadh seachtaine nó sa tráthnóna agus in ann bheith solúbtha ó thaobh uaireanta de (am i gcúiteamh ar fáil); agus
• Toilteanach seiceáil feabhsaithe Access NI a fháil.

Eolas eile:
• Tuarastal: £30,000
• Teidlíocht shaoire: 25 lá sa bhliain ar bharr laethanta saoire poiblí.
• Beidh an duine rathúil mar chuid de scéim phinsin geallsealbhóra.
• Beidh tréimhse phromhaidh sé mhí leis an phost seo.
• Tá an post seo a ofráil ar feadh tréimhse bliana faoi láthair ach tá féidearthacht ann síniú a fháil ag brath ar chúrsaí maoinithe agus oibre.
• Cuirfear deiseanna oiliúna ábhartha ar fáil agus beidh ar an Bhainisteoir freastal ar oiliúint inmheánach agus seachtrach mar is cuí.

Is é Déardaoin an 21 Samhain 2019 ag 5:00pm an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin ról, déan teagmháil le Ursula ar 02830 898 242 nó ar ursula@cinnteacht.ie.

Chun iarratas a chur isteach, seol litir chumhdaigh agus CV chuig ursula@cinnteacht.ie le do thoil.