Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

26 Mar 2020

Mar gheall ar na h-iarrachtaí le smacht a choinneáil ar an víreas Covid 19 & ag teacht le comhairle an Rialtais i dtaca le h-ionaid chultúir de, beidh Aonach Mhacha druidte go dtí an Domhnach 19 Aibreán 2020.

Tá ranganna, cúrsaí, clubanna óige, ciorcail chomhrá, siúlóidí, áirithintí agus imeachtaí poiblí curtha ar ceal nó ar athló. Cuirfear uasdátuithe ar ár suíomh idirlín agus ar na meáin shóisialta agus an t-eolas sin ar fáil. Tá neart acmhainní agus aipeanna ar líne ar fáil d’fhoghlaimeoirí de gach aois agus de gach leibhéal, acmhainní agus físeáin do pháistí agus teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu agus seirbhís den chéad scoth ó na meáin Ghaeilge.

Ba mhaith linn tréaslú agus buíochas a ghabháil leis na fostaithe iontacha sa HSE agus sa NHS ag an am deacair seo agus leis na h-oibrithe uilig atá ag obair leo ar ár son le linn na géarchéime.