Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

16 Jun 2020

Tá Cairde Teo ag eagrú sraith nua sé seachtaine de ranganna Gaeilge bunaithe ar chuid de na h-amhráin ón leabhar beag móréilimh Abair Amhrán. Tá na ranganna á n-eagrú ar an ardán físchomhdhála zoom agus bíonn siad ar siúl gach Luan ar 3pm. Reáchtáladh an chéad rang ar an Luan 15 Meitheamh agus dhírigh na rannpháirtithe ar fhocail, ar fhrásaí agus ar fhonn an dá amhráin Labhair an Teanga Ghaeilge agus An Spailpín Fánach, sular ceoladh iad le chéile. Tá fáilte roimh rannpháirtithe nua i gcónaí agus is féidir le daoine a bhfuil suim acu ann teagmháil a dhéanamh le sean@cairdeteo.com nó ar leathanach Facebook Cairde Teo leis na sonraí logála isteach a fháil. Ní mór do rannpháirtithe bheith cláraithe ar zoom, ar féidir a úsáid ar ríomhaire nó ar ghuthán cliste, agus ní gá ach gliogáil ar an nasc nó ID an chruinnithe agus pasfhocal a chur isteach.