
Cuirfear tús le ranganna oíche Gaeilge in Ard Mhacha do gach leibhéal foghlaimeora ar an tseachtain dar tús Dé Luain 14 Meán Fómhair. Beidh ranganna ar siúl ar oícheanta éagsúla na seachtaine, chomh maith le bunrang breise i rith an lae, agus teorainn leis an líon freastail mar gheall ar bhearta scaradh sóisialta a bheas i bhfeidhm sna mórspásanna comhdhála agus amharclainne san ionad úr cultúir agus pobail atá lonnaithe ag timpeallán an tSeamlais.
Bíonn an-éileamh ar ranganna Cairde Teo i measc daoine fásta agus daoine óga atá ag tabhairt faoi bliain na scrúdaithe, agus a dhíríonn ar an Ghaeilge labhartha. Beidh rang ar leith ar siúl i mbliana dírithe ar thuismitheoirí, agus baill teaghlaigh eile, a bhfuil páistí acu ar Ghaelscoileanna áitiúla. Beidh an rang á reáchtáil oíche Luain agus beidh sé dírithe ar threoracha agus ar orduithe a bheidh úsáideach sa bhaile agus ar théarmaí agus frásaí a úsáidtear i nGaelscoileanna. Beidh ranganna do bhuntosaitheoirí ar siúl oíche Mháirt ó 7pm go 8.30pm nó maidin Déardaoin 10.30am go 12 nóin le béim ar an Ghaeilge labhartha. Beidh bunrang uachtair ar siúl oíche Mháirt fosta a fhreastalaíonn orthu siúd a bhfuil Gaeilge bhunúsach acu agus atá ag iarraidh gramadach bhunúsach agus stuchtúr abairtí a fhorbairt.
Beidh na ranganna meánleibhéil ar siúl oíche Chéadaoin ó 7pm go 8.30pm agus beidh an t-ardrang á theagasc san ionad oíche Dhéardaoin fosta. Tá lúcháir ar Cairde Teo go bhfuil an-éileamh ar na ranganna cheana féin agus tá muid ag dúil go mór le bliain eile rathúil foghlamtha. Tá costas £40, nó £20 do dhaoine gan tuarastal, ar théarma 12 seachtain. Beidh an chéad téarma ag tosú ar an tseachtain dar tús 14 Meán Fómhair agus ag críochnú ar an tseachtain dar tús 7 Nollaig agus beidh téarma eile sa Bhliain Úr ag tosú sa tseachtain dar tús 11 Eanáir go dtí an seachtain dar tús 19 Aibreán.
Agus fás leanúnach ar earnáil na Gaelscolaíochta in Ard Mhacha, tá níos mó tuismitheoirí a bhfuil páistí acu i naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna áitiúla ag freastal ar na ranganna. Tá páirtmhaoiniú á fáil ó Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann agus ó Iontaobhas Ultach. Má tá suim agat freastal ar na ranganna, is féidir clárú ar shuíomh idirlín Cairde Teo nó teagmháil a dhéanamh le Seán ar sean@cairdeteo.com nó ar 028 3799 8160. Nó is féidir bualadh isteach ar oifig CAIRDE Teo in ionad nua Aonach Mhacha, ina bhfuil an caifé agus an siopa nua, Macha. Ní mór spásanna a chur in áirithe roimh ré mar gheall ar na dianbhearta cosanta in aghaidh Covid-19 atá i bhfeidhm ag Cairde Teo agus ag Aonach Mhacha agus druidfear na ranganna a luaithe is a bhaintear amach an t-uasmhéid gur féidir a éascú sna seomraí ranga le scaradh sóisialta.