06
Mar
2022

Bhí athas an domhain orainn fáilte a chur roimh An Institiúid Confúiceach ag Ollscoil Uladh chun gné Idirnáisiúnta a chur lenár gCeiliúradh Sheachtain na Gaeilge in Aonach Mhacha. Chuir siad Searmanas Tae Sínise ar fáil chomh maith le ceol traidisiúnta na Síne. Bhí Cleamaraí Ard Mhacha i láthair le blaiseadh a thabhairt dár gcuairteoirí den traidisiúin agus den cheol atá againn féin.
Tráthnóna den scoth a bhí ann! Míle buíochas leis an Institiúid Confúiceach ag Ollscoil Uladh agus Cleamaraí Ard Mhacha!