Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Comhfhiontar sóisialta úr atá in Aonach Mhacha atá ag iarraidh ionad cultúrtha a thógáil agus a bhainistiú i gcroílár Ard Mhacha. Aonach Mhacha a bheas ar an lárionad féin (ag tagairt siar don mhórthionól Ceilteach agus don bhanríon gaiscíoch a thug a h-ainm d’Ard Mhacha). Tiocfaidh sé eagras cultúrtha le chéile mar thionóntaí san fhoirgneamh. Tá an chuideachta cláraithe mar charthanas agus úsáidfear aon bhrábús ó fhiontar tráchtála le tionscadail chultúrtha, shóisialta, ealaíne, oideachais agus spraoi a sholáthar in Ard Mhacha.

Tá sé mar aidhm ag Aonach Mhacha tionscadail chultúrtha agus phobail a reáchtáil a chuirfidh leis na tionscadail a bheas á soláthar ag na príomhthionóntaí. Áireofar air seo ranganna, oiliúint, turasóireacht chultúrtha, taispeántais ealaíne agus oidhreachta, ceolchoirmeacha, féiltí, ceol agus rince, ceardlanna, seimineáir agus tionscnaimh fhorbartha pobail. Ar na háiseanna a bheas ann, beidh seomraí cruinnithe, oifigí, naíolann, caifé, siopa, spás ilfheidhme d’imeachtaí ceoil, rince agus eile, ceardlann agus seomra meáin.

Beidh mórthionchar ag an lárionad £1.2 milliún ar an gheilleagar sóisialta agus eacnamaíoch ag am deacair. Cuirfidh Aonach Mhacha leis an athghiniúint sa chuid sin den chathair atá sa cheantar athnuachana comharsanachta agus sa cheantar caomhnaithe staire.

Mar gheall ar an lárionad fiontair chultúrtha nua seo, beidh an ceantar níos sábháilte agus níos tarraingtí ag cuairteoirí agus mheallfaidh sé níos mó daoine chuig an cheantar, rud a chuirfeas go mór leis an gheilleagar áitiúil. Cruthóidh sé custaiméir d’fhiontair áitiúla, mar shampla do bhialanna agus do thithe tábhairne agus bainfear leas astu seo le seirbhísí a chur ar fáil san ionad le linn féiltí, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile. Meallfar tionscadail oideachais, ealaíne agus pobail chuig an lárionad fosta.

Aonach Mhacha Downloads

Is féidir na comhaid PDF seo a bhaineann le hAonach Mhacha a íoslódáil.