All posts by admin

Gaeil le chéile in Albain

Tá grúpa Gael óg as Ard Mhacha i ndiaidh pilleadh ó chuairt thaitneamhach agus oideachasúil ar a gcolcheathracha Ceilteacha i nGaeltacht na hAlban. Tá an grúpa páirteach i scéim raidió atá á reáchtáil ag CAIRDE Teo agus chuaigh siad chuid an Oileán Sgítheanach le clár raidió dátheangach a dhéanamh i nGaeilge agus i Gàidhlig na hAlban le daoine óga ar an oileán agus le nasc a fhorbairt leis an stáisiún áitiúl raidió Cuilinn FM. Tá an dream as Ard Mhacha i ndiaidh roinnt míonna a chaitheamh ag foghlaim scileanna léiriúcháin raidió agus agallóireachta agus tá cláir déanta acu le craoladh ar stáisiún nua ar líne Ard Mhacha, Raidió Mhacha. Bhí Edel Ní Churraoin as an staisiún Gaeilge i mBéal Feirste Raidió Fáilte agus Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE Teo leis an ghrúpa.

Chomh maith le cuairt a thabhairt ar an staisiún raidió, bhuail an grúpa le roinnt eagraíochtaí Gàidhlig i bPort Rìgh, an baile is mó ar an oileán, agus chuir siad agallamh ar roinnt cainteoirí Gàidhlig faoi thábhacht na teanga do shaol an oileáin agus faoin dóchas atá acu do thodhchaí na teanga. D’fhoghlaim na daoine óga faoin ról atá ag eagraíochtaí mar Feisean nan Gàidheal leis an teanga a chur chun cinn i measc páistí agus daoine óga agus labhair siad faoi dheiseanna a dtiocfadh le pobail na Gaeilge in Éirinn agus in Albain foghlaim óna chéile. Taobh leis an teanga, d’fhoghlaim na Gaeil as Ard Mhacha faoi na cosúlachtaí idir an dá phobal, ar shampla ceol na hÉireann agus na hAlban, rince Gaelach agus Gàidhealtachd agus iománaíocht agus camanachd.
Thug an grúpa as CAIRDE Teo cuairt gasta ar Inbhir Nis, príomhbhaile na Gàidhealtachd, agus chuaigh siad ar thuras treoraithe ar an chathair álainn agus bhuail siad le daoine a raibh spéis acu sa Ghàidhlig. Tá coláiste Gàidhlig sa chathair agus bhí roinnt mhaith de na cainteoirí óga gnóthach ag ullmhú d’fhéile drámaíochta Gàidhlig, cosúil leis an Fhéile Scoildrámaíochta a bhí ar siúl in Amharclann Ard Mhacha le linn Sheachtain na Gaeilge.  D’fhoghlaim na Gaeilgeoirí as Ard Mhacha roinnt frásaí i nGàidhlig na hAlban le cuidiú leo an fhoghraíocht dhifriúil agus na focail éagsúla a aithint. Tá na daoine óga ag iarraidh tógáil ar rath an turais trí shraith dhátheangacha cláracha a fhorbairt ag díriú ar cheol agus ar thraidisiúin na hAlban agus na hÉireann.

Ag labhairt dó ar theacht ar ais ón turas, dúirt Máirtín Mac an Bheatha, scoláire Bliain 9 i gColáiste Phádraig agus iardhalta ag Bunscoil na mBráithre Críostaí, “Bhain muid an-sult as an turas agus d’fhoghlaim muid cuid mhór faoi na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig. D’fhoghlaim muid fosta go n-imríonn muintir an oileáin leagan eile den iomáint agus tá an ceol traidisiúnta ansin iontach cóngarach don cheol anseo.” Tá Luíseach Ní Thréinfhir i mBliain 13 ag Sruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona, “Bhuail muid le cúpla duine óg i bPort Rìgh a raibh Gàidhlig acu agus labhair muid faoin dá theanga, faoin chultúr agus faoi dheiseanna fostaíochta. Thug muid cuairt fosta ar an staisiún áitiúl raidió agus labhair muid faoi dhóigheanna a dtiocfadh le Cuilinn FM daoine óga a mhealladh le níos mó clár a dhéanamh i nGàidhlig.” Scoláire Bliain 13 i Scoil na Mainistreach é Tiarnán Mac Gabhann, atá ina bhall de Phíobairí Ard Mhacha agus bhain sé féin an-sult as an turas fosta, “Bhí sé go hiontach bualadh le cainteoirí óga Gàidhlig ar an Oileán Sgítheanach agus in Inbhir Nis. Tá ceangal ag Píobairí Ard Mhacha le Gàidhealtachd na hAlban le fada an lá agus tharla roinnt mhaith malartán thar na blianta. Imrím iomáint le Lámh Dhearg ar an Chéide fosta agus bhí mé iontach sásta nuair a chuala mé faoin chamanachd agus go háirithe faoin chlúdach a thugann Cuilinn FM don spórt.”

Ba é an fiontar sóisialta Gaeilge CAIRDE Teo a reáchtáil an turas go hAlban mar chuid dá gclár forbartha scileanna do Ghaeilgeoirí óga. Tá CAIRDE Teo fíorbhuíoch do Cholmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig a chuireann an Ghaeilge agus an Ghàidhlig chun cinn in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír, a thug páirtmhaoiniú don tionscadal agus tá siad buíoch fosta do Raidió Fáilte agus do Radio Reason as an chuidiú uilig a thug siadsan le cláir Raidió Mhacha le bliain anuas.

Ag rith ar son na Gaeilge

Rith na céadta Gaeilgeoirí agus daoine atá báúil don Ghaeilge trí shráideanna Ard Mhacha Dé Sathairn, nuair a tháinig an rith naisiúnta sealaíochta Rith 2016 chun na cathrach. Thug an rith cuairt ar gach contae den 32 contae sa tír agus bhí sé mar aidhm aige próifíl na Gaeilge a ardú ar fud na tíre. Cuireadh tús leis an rith i gContae Cill Dara ar 4 Márta agus cuireadh deireadh leis taobh amuigh d’Ardoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ar 14 Márta agus bhí breis agus 50,000 páirteach ann.  Iompraíodh bata speisialta le linn an reatha ina raibh teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn.

Cuireadh tús le rith Ard Mhacha ag club sóisialta na bPiarsach Óg le h-ionadaithe ó CAIRDE Teo, ó CLG na bPiarsach Óg, ó Chumann Pobail Dhroim Airg, ó Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, ó Chumann Iomána Chú Chulainn, ó Chumann Camógaíochta Naomh Bríd agus ó CLG Chláirsigh Ard Mhacha. Chomh maith le Gaeil Ard Mhacha, bhí daltaí ann ó Ghaelcholáiste Chill Dara agus lucht eagraithe an reatha féin. Fad is a bhí na reathaithe ag déanamh a mbealach trí lár na cathrach, tháinig lucht siopadóireachta, custaiméir agus úinéiri gnó amach ar an sráid le bualadh bos a thabhairt do na reathaithe. Tháinig deireadh le rith Ard Mhacha ag club sóisialta Chláirsigh Ard Mhacha, áit ina raibh seisiún de cheol traidisiúnta faoi lán seoil ag baill de Chiorcal Comhrá Ard Mhacha.
CAIRDE Teo a reáchtáil bealach Ard Mhacha den rith agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na maoir uilig agus leis na grúpaí a ghlac páirt ann. Ba iad CLG Ard Mhacha, Cairde Teo agus Gael Linn a thug urraíocht don rith in Ard Mhacha agus rachaidh an t-airgead uilig i gciste a rachas i dtreo thionscadail Ghaeilge ar fud na tíre.

New bilingual local magazine set for Easter Launch

The ‘Glór 2016’ local studies magazine, a bilingual publication to mark the centenary of the Rising, will be on sale in the Chapel Street Gaeláras in Newry from midday Saturday 26th March.  Two key articles in the magazine will examine the split in the Gaelic League in Dundalk in 1915, when the IRB effectively politicised the organisation and thereby alienated Douglas Hyde, and a feature which looks at the language movement in Newry as the cradle of radical, advanced nationalism in the town.  The magazine however, while it has political content given the year that’s in it, also encompasses many voices on a diverse range of topics: Old Newry items (Canal Street and Water Street reflections); interviews with women (a Poor Clare nun, a former political prisoner, a worker in the gasworks); an account of a 1916 local shipping disaster; a detailed, wide-ranging article, with photographs, of the revival of Irish Dancing in the town; reminiscences on Rann na Feirste in the 1930s; poetry and review; Irish language events; Republican resistance in Newry in the 1950s; an interview with ex-internee Gerry Mackey; the Schools’ Folklore Collection 1930s; the importance of the Proclamation for Newry’s lgbt community; Protestant Origins of Republicanism in Newry; Saint Brigid’s Shrine, Faughart; a tribute to Aodh Ó Luaois/Harry Lewis, Camloch, and another one to Brian Campbell, Newry; Newry place-names; the post-famine decline of Irish in South Armagh; the founding of the Catholic Boy Scouts in the town; musings on 1916…  Writers include Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh, Niall Comer, Paddy Traynor; Dr. John Mc Cavitt, Ciarán Mac Murchaidh; Éamon Mac an tSaoir; Seán Óg Mac an tSaoir; Dr. Séamus Mac an tSaoir; Damian Mc Kevitt; Séamus Mac Dhaibhéid; Deirdre Frame; Mícheal Mac Ardghail; Eoghan Ó Coinn; Seán Patterson; Breandán Ó Luaois; Lábhras Ó Brolcháin; Martin Hearty; John Duffy; Benny Mc Kay. For those who remember, or collected the magazines at the time, “Glór 2016” is modelled on the “Cuisle na nGael” bilingual template which proved very popular in the 1980’s and 1990’s.

Commenting on the ‘Glór 2016’ commemorative venture, John Stewart, who is Chair of Coiste na Cásca in Newry, said: ‘The magazine includes a number of authentic narratives from ordinary Newry people, some of whom are Irish speakers.  Molaim an obair seo mar tá sé tábhachtach i gcónaí guth na ndaoine a chloisteáil.  It’s a bumper edition and very good value at an expected selling price of £5. We can expect from the Gaelic League Exhibition itself (Aspects of Nationalism in Newry), which also runs at the Gaeláras over the Easter period, the usual eclectic mix of recordings (Orange & Green), images, prison art, and rare print materials.  Visitors will be encouraged to make up their own minds on aspects of our shared local history. Mo chomhairle féin, ná caill é/Don’t miss it. ”

The magazine is being published by Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge who were recently selected as Best Branch in Ulster at the Gaelic League Ard Fheis held in Trinity College Dublin.

Seachtain na Gaeilge in Ard Mhacha

Ní fada anois go mbeidh Gaeil Ard Mhacha ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le clár lán-imeachtaí d’achan aoisghrúpa. Cuirfear tús leis an fhéile in Ard Mhacha Dé Luain 29 Feabhra nuair a bheas taispeántas dátheangach Chonradh na Gaeilge ar ról na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca 1916 ar an bhaile. Beidh an taispeántas lonnaithe i gclubtheach na bPiarsach Óg ar an Luan agus ar an Mháirt agus eagrófar taispeántas an scannáin Mise Éire ann ar 7pm ar an 1ú Márta. Beidh an taispeántas ansin ag bogadh go CLG Chláirsigh Ard Mhacha Dé Céadaoin 2 Márta agus beidh tráth ceisteanna dátheangach ann dírithe ar stair 1916 ar 7.30pm. Ar an Aoine 4 Márta, beidh turas speisialta dátheangach ar siúl ar 6.30pm i bPríosún Ard Mhacha. Eagrófar Tráth na gCeist Gaeilge CLG Uladh sa Pháirc Lúthchleasa an oíche chéanna ar 8pm.

Seolfar an staisiún nua ar líne Raidió Mhacha ar 4pm Dé Luain 7 Márta i gColáiste Chaitríona. Tá na rannpháirtithe ag obair go crua le tamall beag anuas le cláir a chur i gcrích roimh an seoladh. Ar 6pm an oíche chéanna, seolfaidh CLG Ard Mhacha Seachtain na Gaeilge sa Pháirc Lúthchleasa. Beidh seisiúin speisialta ag na ciorcail chomhrá Comhrá is Craic ag Embers agus ag Ciorcal Comhrá Ard Mhacha i mBeár an Stáisiúin ar an 8 Márta. Tabharfaidh Gearóid Oates léacht i nGaeilge ar shloinntí Ard Mhacha Dé Céadaoin 9 Márta ar 7pm ag Coláiste Chaitríona. Beidh Craobh Uladh den Fhéile Scoildrámaíochta ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh Déardaoin 10 agus Dé hAoine 11 Márta agus beidh fáilte mhór roimh phobal na Gaeilge in Ard Mhacha teacht isteach le h-amharc ar na h-aisteoirí óga is fearr sa chúige.

Beidh lá mór ann do Ghaeil Ard Mhacha Dé Sathairn 12 Márta nuair a bheas an rith náisiúnta Rith 2016 sa chathair. Cuirfear tús le seal Ard Mhacha den Rith ar 4pm ag Club Sóisialta na bPiarsach Óg agus rachaidh sé fríd an bhaile mhór le críochnú ag Club Sóisialta Chláirsigh Ard Mhacha. Níos moille an oíche sin, beidh ceiliúradh ilchultúrtha ar siúl do Sheachtain na Gaeilge ag an ghalfchúrsa i gcomhar leis an phobal Bulgárach, Liotuánach agus Polannach in Ard Mhacha. Cuirfear tús le comóradh bliantúil Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh ar 12 nóin Dé Domhnaigh 13 Márta sa bheár Pholl sa Bhalla. Beidh ceiliúradh speisialta ag CLG Ard Mhacha ar Sheachtain na Gaeilge ag na cluichí sraithe a bheas sa Pháirc Lúthchleasa an lá sin. Imreoidh iománaithe Ard Mhacha in eadán na Mí ar 12.45pm agus imreoidh na peileadóirí in eadán na Gaillimhe ar 2.30pm.

Beidh Feis Ard Mhacha ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh ar an Luan 14 Márta agus ar an Mháirt 15 Márta. Beidh seoladh oifigiúil de thús na n-oibreacha ar an chultúrlann nua Aonach Mhacha ar siúl ar 1.30pm in Amharclann Phlás an Mhargaidh. Ar Lá Fhéile Pádraig féin, beidh aifreann dátheangach ann san ardeaglais ar 9am agu beidh seirbhís dhátheangach in Eaglais na hÉireann. Ar mheánlae, beidh Cairde Teo ag tabhairt amach a gcurrach féin, atá á thógáil le cúpla mí, le dul síos an Abhainn Mhór. Ar an Satharn 19 Márta, beidh an grúpa cnocadóireachta ag taisteal go Sliabh Mis ar 10.30am le céimeanna Naomh Pádraig a leanstan. Cuirfear clabhsúr le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar 8pm Dé Sathairn 19 Márta le mór-cheolchoirm na féile nuair a bheas Moya Brennan i mbun ceoil ag Amharclann Phlás an Mhargaidh.

Le tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí Ard Mhacha le linn Sheachtain na Gaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.

Céad shiúlóid na bliana

Beidh an grúpa siúlóide as Ard Mhacha agus as Tír Eoghain i mbun cláir úir siúlóidí don bhliain, leis an chéad cheann ar an Satharn 30 Eanáir in Aillt na Péiste. Beidh an tsiúlóid ag dul trí cheann de na coillte darach is sine in Éirinn a fhad le dhá dhamba. Tá fánaí an ghleanna clúdaithe le crainn ársa, dair agus fuinseog, le crainn eile mar caorthann, coll, sceach gheal agus cuileann. Tá raithneach agus caonach flúirseach fá bhruacha na habhann.

Tá Aillt na Péiste lonnaithe gar do Dhún Geimhin agus beidh rannpháirtithe ag bualadh lena chéile sa charrchlós ar an Chraobh ar 10am le taisteal le chéile chuig an túsphointe ag an anaclann dúlra ar 11am. Beidh an tsiúlóid ag Aillt na Péiste ar an chéad cheann don bhliain, agus beidh siúlóidí eile sna Beanna Boirche, na Speiríní, na Cuaillí, na cnoic i nDún na nGall agus Sliabh Mis. Chuirfeadh an grúpa fáilte roimh bhaill úra theacht agus sult a bhaint as na siúlóidí. Más mian leat tuilleadh eolais faoin ghrúpa Siúil, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán sean@cairdeteo.com 028 3751 5229.