Category Archives: Léacht

Taispeántas Brendan Brankin – ‘An Lasair’

Onóir mhór a bhí an d’Aonach Mhacha le hoscailt taispeántas ealaíne de chuid Brendan Brankin d’arbh ainm ‘An Lasair’.

Ba shoiléir scileanna léiriú ealaíne agus dánta machnaimh a fheiceáil in obair an t-ealaíontóir aitiúla. Tá súil ghéar aige ar an áilleacht nádurtha atá thart timpeall air agus féachann sé (agus is minic a fhaigheann sé) brí, áthas, dóchas agus cuspóir ina simplíocht iontach. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Kate as Cairde Teo chun an oíche a eagrú, le Mary as Seacht den bia blasta curtha ar fáil agus le John, Leo agus Luíseach den cheol croíúil.

#SnaG22 – Eochairóráid – Dr Ian Malcolm: Protastúnaigh agus An Ghaeilge

 

Chuir muid fáilte roimh Dr Ian Malcolm ón Lorgain chuig Aonach Mhacha le heochairóráid a thabhairt dúinn ar ‘Protastúnaigh agus An Ghaeilge’ chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Thug sé léacht thar a bheith suimiúil chuig scaifte mór san Amharclann in Aonach Mhacha. Le críochnú ar an oíche bhí na hOrchard Ukes i láthair le Dr Malcolm a thionlacan ar an ucailéile le leagan Gaeilge den ‘Sash’. 

Míle buíochas d’achan duine as teacht chuig an imeacht seo agus buíochas ollmhór leis an Dr Malcolm agus na hOrchard Ukes. Oíche den scoth a bhí ann!