Category Archives: Uncategorized @ga

Tírdhreach teangeolaíochta chathair Ard Mhacha leis an Ollamh Mícheál Ó Mainnín

Bhí lúcháir ar mhuintir Ard Mhacha fáilte a chur roimh an Ollamh Mícheál Ó Mainnín ag ócáid ar leith in Aonach Mhacha an tseachtain seo caite.

Léacht dár teideal ‘Tírdhreach teangeolaíochta chathair Ard Mhacha san am atá caite agus san am i láthair’ a thug an leachtóir ó Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, agus ba ríspéisiúil an t-ábhar é.

Is as Contae Shligigh é Mícheál ó dhúchas agus d’fhreastal sé ar Ollscoil i nGaillimh. Nuair a tháinig sé go Béal Feirste in 1987 le dul i mbun oibre ar na logainmneacha ó thuaidh don tionscadal úr logainmneacha de chuid Ollscoil na Banríona, bhí deis aige cur lena chuid eolais ar na contaetha ó thuaidh agus ar an stair a bhaineann leo. Tá an-suim ag Mícheál in Ard Mhacha le blianta fada agus fuair sé léargas ar leith ar scéal phríomhchathair eaglasta na tíre óna chuid taighde i gcaitheamh na mblianta.

Creideann Mícheál gur fiú scéal na logainmneacha a insint ar bhealaí cruthaitheacha tarraingteacha le cur leis an eolas a bheas ar na comharthaí bóithre ó thuaidh roimh i bhfad, gan barraíocht brú a chur ar an phobal ina dtaobh ach an oiread. Mar a luaigh Mícheál, is fearr i bhfad a léiriú do dhaoine nach bhfuil aon dochar sa Ghaeilge dóibh. Is féidir linn a thaispeáint don phobal go mbaineann an t-eolas seo linne ar fad. Is cinnte go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tírdhreach teangeolaíochta chontaetha an tuaiscirt a phlé le chéile, go háirithe i ndiaidh Acht na Gaeilge a bheith curtha tríd i dTeach na dTeachtaí i Londain coicís ó shin anois. Oidhreacht roinnte atá i scéal ár logainmneacha agus is fiú agus is féidir an t-eolas luachmhar sin a roinnt le chéile.

Lógó & Brandáil Úr ag CAIRDE Teo

Ó thosaíochtaí bunúsacha mar fhiontar cultúrtha bunaithe le gníomaíthe deonach pobal sa bhliain 2008, tá CAIRDE Teo Forbartha mar cheanneagraíocht pobal na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha le níos mó ná 10 fostaithe lán-aimseartha agus páirt-aimseartha ann anois atá tiománta i bhforbairt agus cur chun cinn na Gaeilge agus Cultúr na hÉireann.

Lonnaithe i dtús báire in oifig bheag curtha ar fáil go fial ag Cumann Pobail Droim Airg , tá seasamh níos láidre ag CAIRDE teo anois mar gur d’fhorbair siad pobal dílís agus a raon seirbhisí cultúrtha agus oideachais thar na blianta ina dhiaidh sin.

Fuair CAIRDE TEO , buaiteoirí de chuid mhór gradaim naisiúnta , reigiúnacha agus áitiúla , aitheantas ó Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn as a guid oibre ilghnéitheach le grupaí pobail, gníomhaireachtaí cultúrtha, scoileanna , comhlachtaí ealaíne agus eagraíochtaí oidhreachta.

 

Sa bhliain 2012, bhunaigh CAIRDE Teo an comhlacht teoranta eile Aonach Mhacha le cuidiú ón chomharchumann agus gníomhaireacht forbartha an Iúir agus Múrn. Lean an chéad chomhlacht eile seo ar aghaidh le hionad Gaeilge , cultúrtha agus ealaíne nuálach £2.5 milliúin a fhorbairt ag suíomh an seanstáisiún dóiteáin i gcroílár Ard Mhacha.

Bhí fiontair soisialta nua le teacht sa bhliain 2014 nuair a bunaíodh SEACHT (Fiontair sóisialta ) agus CAIRDE Teo anois mar úinéir na trí comhlachtaí Gaeilge rathúla.

Tá CAIRDE Teo i ndiaidh teacht amach as an phaindéim le hOifigeach Forbartha na Gaeilge úr nua agus clár uaillmhianach ar son fás agus forbairt. Faoi láthair, tá níos mó ná 100 duine páirteach sna ranganna seachtainiúil i ndiaidh dúinn Campa Samhraidh den chéad scoth a sholáthar fá choinne beagnach 100 páiste óna bunscoileanna áitiúla lán-Gaeilge. Tá an fhoireann bríomhar ag CAIRDE Teo ag athbhrandáil ag an bhomaite le lógó agus íomha úr nua.

Agus muid ag leathnú ár réimsí seirbhísí pobail agus ag forbairt plean líonra ceantair do phobal na Gaeilge thar chontae Ard Mhacha, tá sé socraithe ag CAIRDE Teo go bhfuil an t-am ceart chun íomha agus brandáil nua spreagúil a lainseáil dár gcomharchumann cultúrtha uaillmhianach.

Bhí Creative Workers Cooperative atá lonnaithe i mBéal Feirste,  ag obair le CAIRDE Teo le déanaí chun logo agus pacáiste brandáil a chur ar fáil chun a stádas bríomhar agus a stádas mar eagraíocht  Gaeilge a chur chun cinn ag dul i dtreo deachrachtaí an 21ú haois.

Tá súil ‘s againn go bhfuil dúil agaibh ann!

Arán & Im le Manchán Magan

Ó thobar domhain ársa a tharraing Manchán Magan an tsaíocht a roinn sé leis an chuideachta in Aonach Mhach. Saíocht ár sean a chuir blas draíochtúil ar an arán & ar an im a rinne sé dúinn go fial.

Is taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina mbácálann Manchán arán taois ghéir ar feadh  70 nóiméad fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge  – agus é ag ceiliúradh focail mhealltacha a bhaineann leis an tírdhreach, téarmaí i dtaca le hiomas agus léirstean, agus an iliomad nathanna a thugann beocht do chumhacht agus mistéir an tsaoil nádúrtha.

Oíche den chéad scoth a bhí againn ag léiriú Manchán!

 

Ag cothú an nasc idir Albain agus Cúige Uladh

B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag mórán daoine go dtagann an Ghaeilge mar a labhraítear sa lá atá inniu ann i gCúige Uladh ón bhunús céanna leis an Ghaeilge Albanach [Gàidhlig] a labhraítear in áiteanna in Albain faoi láthair.

Tá CAIRDE Teo, an Comharchumann Forbartha Gaeilge atá lonnaithe i gCathair Ard Mhacha, ag cothú agus ag forbairt naisc idir an dá réigiún le fada an lá trí mhalartuithe idirchultúrtha, comhdhálacha, turais staidéir agus allamuigh agus líonrú praiticiúil lena gcomhGhaill in Albain. Bhí fonn i gcónaí ar ionadaithe CAIRDE béim a chur ar na naisc dhúchasacha láidre idir an dá chultúr Ghaelach, idir Sruth na Maoile – an stráice cúng uisce idir Éirinn agus Albain.

Ar mhaithe leis na hiarrachtaí seo, tá tacaíocht faighte ag CAIRDE ó Colmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain: Cothaíonn Iontaobhas Colmcille cumarsáid agus comhoibriú idir pobail Ghaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann.

Sa chlár malartaithe cultúrtha is déanaí, thug ionadaithe ó CAIRDE Teo agus ó Chultúrlann Aonach Mhacha cuairt ar Inbhir Nis ar na mallaibh, rud a chiallaíonn “Béal na hAbhann”. Cathair i nGarbhchríoch na hAlban is ea Inbhir Nis . Is lárionad riaracháin Chomhairle na Gàidhealtachd é agus glactar leis mar phríomhchathair na Gàidhealtachd. Tá an chathair in aice le dhá láthair chatha thábhachtacha: cath Bhlàr nam Fèinne ón 11ú haois in aghaidh na hIorua a tharla ar an Aird, agus Cath Chúil Lodair [Eng: Culloden] a tharla ar Mhóinteach Chúil Lodair san 18ú haois

Thug ionadaí óige CAIRDE Teo, Tomás Mac Eadbhaird cuntas ar shonraí an turais:

Bhí ár dturas trí lá go Garbhchríocha na hAlban thar a bheith ócáideach agus bhí am againn le haghaidh gníomhaíochtaí cultúrtha, díospóireachtaí, cruinnithe agus turais. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an fhoireann iontach in Inbhir Nis atá ag iarraidh a gCultúrlann [Eng: Cultural Centre] a thógáil san ardchathair faoi láthair. D’eagraigh ár n-óstach iontach Mairéad agus Anndra Fearghasdan clár taistil iomlán ina raibh siúlóidí, ranganna Gàidhlig, cruinnithe, ceol, turais threoraithe agus cur i láthair.

“Thug an múinteoir, an scríbhneoir agus an staraí áitiúil Ruaraidh  MacIlleathain muid síos an Abhainn agus canáil Inbhir Nis tráthnóna Dé hAoine agus thug sé scéalta siamsúla ón bhéaloideas áitiúil dár ngrúpa. Rinne Ruairidh na scéalta béaloidis fite fuaite le samplaí den chomhoidhreacht idir Gaeil na hAlban agus na hÉireann lena n-áirítear naisc le Colmcille, Cú Chulainn, Fionn Mac Cuthmhaoil ​​agus go leor pearsana mór le rá eile.

“I ndiaidh na siúlóide, bhí béile álainn lenár n-óstach inar roinn seisear gníomhaí Gaeilge as Ard Mhacha a gcuid taithí agus scéalta lena chomhghleacaithe cultúrtha as Inbhir Nis”.

Lean Tomás ar aghaidh: “Thug tús luath maidin Dé Sathairn Gaeil Ard Mhacha go dtí an seomra comhdhála in Óstán an Palace ar bhruach na hInse áit ar thug siad maidin teagaisc ar chomhrá na Gàidhlige le teagascóir teanga, amhránaí agus gníomhaí cultúrtha Susanne Mac Domhnaill. Tar éis lóin, rinne muid  turas treoraithe eipiciúil ar Pháirc Chúil Lodair, áit a raibh bua ag Rialtas na Breataine Éirí Amach Seacaibíteach 1745–46. Thug Anndra Fearghasdan stair iomlán an chatha chun beatha, agus é gléasta i réimeas Gaelach ó lár an 18ú haois.

Níos déanaí an tráthnóna sin, thug bunaitheoir Aonach Mhacha, Gearóid Ó Machail agus a chomhghleacaithe, Cáit Ní Choirbhín, Shannon Ní Chléirigh agus Níamh Ní Móra cur i láthair ar a gcuid oibre agus gníomhaíochais chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCultúrlann Aonach Mhacha, ar chuireadh ón choiste áitiúil ó Cultarlann Inbhir Nis. Ina dhiaidh sin bhí ceoltóirí agus amhránaithe áitiúla, Calum Ailig Mac a’ Mhaoilein, Coll Dòmhnallach, Saffron Hanvidge agus  Luíseach Ní Thréinfhir as Cathair Ard Mhacha ag seinm ceoil.

Ar ár lá deiridh, thug muid cuairt ar shuíomhanna stairiúla agus cultúrtha timpeall Inbhir Nis, lena n-áirítear na Clava Cairns clúiteach, coimpléasc dea-chaomhnaithe de chuid uaigheanna pasáiste ó reilig na Cré-Umhaoise; cairn fáinne, cairn colbha agus galláin i suíomh álainn. Suíomh réamhstairiúil atá thar a bheith suntasach agus dea-chaomhnaithe, is sampla iontach é Clava Cairns de stair i bhfad i gcéin, a théann siar thart ar 4,000 bliain”.

 

Seoladh Taispeántas Zohar

Oíche chumhachtach ag oscailt thaispeántas “Palestinian Paintings” sa Chultúrlann oíche Dé hAoine.

Na Péintéireachtaí Palaistíneacha, sraith oibre a cuireadh tús leis in 2017 chun dul i ngleic le forghabháil Iosrael ar Gaza agus ar an mBruach Thiar. Mar gheall ar a bhaineann le hIosrael agus ag fás aníos ann, bhí suíomh eolach ag Zohar chun Cogadh Sé Lá 1967 a fheiceáil agus áitiú na gcríoch ina dhiaidh sin agus an díláithriú leanúnach agus méadaitheach de shaoránaigh na Palaistíne.

Beidh an taispeántas de phictiúir Palaistíneacha le Zohar le feiceáil ar urlár uachtarach in Aonach Mhacha go dtí 1ú Samhain agus fágfar é chun leanúint lena chamchuairt timpeall na hÉireann.

Buíochas ar leith lenár n-aoichainteoirí,  Eyad S. Mashal, ár gcomrádaí Palaistíneacha den scoth a labhair go suairc faoina thír dhúchais, do Dermot Kelly ón IPSC Ard Mhacha, do Shannon Ní Chleirígh ár nOifigeach Forbartha Ealaíne agus do Joseph O Neill ó Interfaith Ireland, do Mháire Ni Phronntaigh don lónadóireacht agus do Fra Hughes ó Palestinian Aid.

Seoladh Leabhair le Jake Mac Siacais

Oíche bhreá ag seoladh leabhar Jake Mhic Shiacais in Aonach Mhacha le Cairde Teo mar chuid d’Oíche Chultúir Dé hAoine seo chaite .

Rinne Mac Siacais cur síos ar na tréimshí ar chaith sé i bpríosún le linn na dTrioblóidí in éineacht le scéalta óna óige agus na deacrachtaí pearsanta a bhí aige chomh maith – rud a chuireann béim ar an teidil, ‘Surfing into life on a Bathboard: A Gaeilgeoir Republican’s Pathway to an imperfect Peace.’ Leathnaigh Mac Siacais amach an plé don éisteora  roimh dheireadh na hoíche. Bhí scaifte breá againn i gCultúrlann Aonach Mhacha  chun an leabhar seo le Jake a sheoladh. Oíche lán fírinne agus lán dóchais!

 

Uirlis Nua Forbartha ag an Dream Dearg

Tá uirlis forbartha ag an Dream Dearg ar shuíomh úr s’acu chun brú a chur ar na comhairlí áitiúla ó thuaidh (https://www.dearg.ie/ga/uirlisi/sraideanna).

De bhrí gur iomaí bac atá roimh chónaitheoirí i gComhairle Chathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chomharthaí sráide dátheangach, seolfar ríomhphost ar do shon chuig an Chomhairle ag cáineadh an easpa dul chun cinn, agus ag éileamh go gcuirfeadh siad polasaí níos forásaí i bhfeidhm.

Is deis uathúil é seo do phobal na Gaeilge, agus do dhuine ar bith i gComhairle Chathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann ar mian leo comharthaíocht a fheiceáil ar shráideanna na Comhairle, brú a chur orthu polasaí níos forásaí a chur i bhfeidhm agus a ndualgas faoin Chairt Eorpach a chomhlíonadh.

Má dhéanann sibh iarratas, bheadh sé ar dóigh dá gcuirfeá clib ar @dreamdearg ar na meáin shóisialta chun gur féidir linn an scéal a scaipeadh! Ba mhaith linn go mbeidh daoine ar an eolas gurb ann don uirlis seo ionas go n-úsáidfí é chun athrú suntasach, claochlaitheach a dhéanamh i dtaobh fheiceálacht na Gaeilge ó thuaidh!

Bain triail as anseo