Freastalaíonn muid ar gach leibhéal foghlaimeora ón bhunthosaitheoir go dtí an foghlaimeoir ardranga. Tá na múinteoirí uilig láncháilithe agus tá taithí fhairsing acu ag teagasc Gaeilge do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Chomh maith leis na ranganna oíche, bíonn ceithre dhianchúrsa againn i rith na bliana.
Cuireann muid ranganna seachtainiúla ar fáil ó Mheán Fómhair go hAibreán gach bliain ar oícheanta éagsúla na seachtaine idir 19:00 agus 20:30 in ionad Aonach Mhacha sa Seamlas i gcathair Ard Mhacha.
Bíonn na dianchúrsaí á gcur ar fáil i gcomhar le Líofa. Bíonn na dianchúrsaí scartha de réir leibhéil an dalta chomh maith. Fógraíear dátaí na ndianchúrsaí ar na meáin shóisialta agus sna meáin áitiúla. Ina theannta sin, spreagann muid na foghlaimeoirí uilig páirt a ghlacadh sna himeachtaí sóisialta a eagraíonn muid go rialta i rith na bliana. Is féidir clárú lenár mbunachar sonraí le tuilleadh eolais a fháil ar na h-imeachtaí seo. Teanga bheo í an Ghaeilge agus ní féidir líofacht a bhaint amach ach í a úsáid go rialta taobh amuigh den seomra ranga.