Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

14 Apr 2018
Beo, Gaelach & Bródúil

Ócáid Ghaeilge na bliana a bheas sa lá, Beo, a bheas ar siúl i gcroílár Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 8 Aibreán. Beidh Gaeil ó achan chearn den tír páirteach i mórshiúl cheiliúrtha ó Chearnóg Parnell chuig Faiche Stiabhna, áit a mbeidh ceolchoirm mhór ann, chomh maith le neart imeachtaí spraíúla do theaghlaigh. Beidh Cairde Teo ag eagrú bus do Ghaeltheaghlaigh Ard Mhacha agus beidh sé ag imeacht ó Óstán Chathair Ard Mhacha ar 10am. Eolas ó sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.