Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Dianchúrsa Gaeilge

Beidh Cairde Teo i gcomhar leis an Roinn Pobail agus CLG Ard Mhacha ag eagrú dianchúrsa Gaeilge Dé Sathairn 9 Meán Fómhair. Beidh ranganna ann do gach leibhéal foghlaimeora ag an dianchúrsa a bheas ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa. Cuirfear tús leis na dianchúrsaí ar 10am le clárú agus beidh lón ar fáil chomh maith. Níl costas ar bith ar an chúrsa ach ní mór spás a chur in áirithe roimh ré trí scéala a chur chuig Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.

10am Clárú
10.30am Rang
11.30am Sos
12 noon Rang
1pm Lón
2pm Rang
4pm Críoch