Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

16 Sep 2016

Mar chuid den Oíche Chultúir ar an Aoine 16 Meán Fómhair, beidh CAIRDE Teo agus Oireachtas na Gaeilge ag reácháil roinnt imeachtaí Gaeilge sa tseanSeomra Bia in Óstán an Charlemont. Ar bhuaicphointe na hoíche, beidh ceolchoirm le Emma Ní Fhíoruisce as Gaeltacht Dhún na nGall ar 7.30pm. Roimh an cheolchoirm, i gcomhar le Gael Linn, beidh muid ag reáchtáil ceardlanna feasachta Gaeilge le beannachtaí agus frásaí bunúsacha a theagasc, agus le labhairt ar logainmneacha agus sloinnte Ard Mhacha, chomh maith le tionchar na Gaeilge ar an chanúint áitiúil den Bhéarla. Bígí linn in Óstán an Charlemont Dé hAoine 16 Meán Fómhair do cheiliúradh speisialta ar ár dteanga agus ar ár gcultúr.