Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 Apr 2018
Grúpa Tuistí is Tachráin

Beidh muid ag cur tús le grúpa súgartha nua do pháistí idir 1 agus 4 bliain d’aois atá á dtógáil trí Ghaeilge. Beidh muid ag bualadh le chéile ar 10.30am Dé Sathairn 21 Aibreán ag an pháirc shúgartha ag Stáblaí an Pháláis anseo in Ard Mhacha agus uair sa mhí gach mí ina dhiaidh. Tá sé mar aidhm ag an ghrúpa seo deis a thabhairt do pháistí óga roimh aois bhunscoile bualadh le chéile in atmaisféar spraíúil agus an Ghaeilge mar theanga labhartha ann agus deis a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge a chur in aithne dá chéile agus modhanna agus smaointí a chomhroinnt maidir leis an Ghaeilge a úsáid leis na páistí sa bhaile.