Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

I gCéimeanna na nÉireannach Aontaithe

Beidh Cairde Teo ag eagrú cúpla siúlóid i mBéal Feirste Dé Sathairn 29 agus Dé Domhnaigh 30 Meitheamh, mar chuid de dheireadh seachtaine cónaithe dírithe ar oidhreacht na nÉireannach Aontaithe. Níl spás ar bith fágtha ar an turas báid, ag an dinnéar nó sa lóistín, ach tá fáilte roimh dhuine ar bith bheith linn ag Ionad Skainos agus/nó ar na siúlóidí. Seo a leanas an clár iomlán:

Dé Sathairn 29 Meotheamh 2019
11.00am Imeacht as Ard Mhacha
12.30pm Turas Báid ar Loch Lao
2.30pm Cuairt ar Ionad Skainos agus ar an tionscadal Turas i Misean Oirthear Bhéal Feirste
4.00pm Siúlóid na nÉireannach Aontaithe ó Reilig Shráid Clifton go baile Mhic Reachtain
7.00pm Dinnéar ag Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
Fanacht thar oíche i mBéal Feirste

Dé Domhnaigh 30 Meitheamh 2019
11.00am Siúlóid ar Bheann Mhadagáin
1.00pm Filleadh ar Ard Mhacha