Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 May 2022
Lá Dearg 2022
Tá CAIRDE Teo ag reachtáil bus ar an 21ú Bealtaine ó Chultúrlann Aonach Mhacha go Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich le páirt a ghlacadh i mórshiúl an Lá Dearg!
Tá muid ag iarraidh ar ár ngníomhaithe teanga teacht amach agus tacaíocht a thabahirt don Lá Dearg.
Beidh muid ag bualadh ag Cultúrlann Aonach Mhacha ar 11:00am Sathairn 21ú Bealtaine áit a bheas bricfeasta ar fáil agus ag imeacht ar 11:45am ag stopadh ar an Lorgain ag acomhal 10 (Timpeallán Bóthar an Locha) le daoine a bhailiú ar 12:30pm.
Ar aghaidh linn go Béal Feirste ag bualadh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar 1pm le toiseacht ar an mhórshiúl go Hall na Cathrach.
Beidh an bus ag dul ar ais go hArd Mhacha ag stopadh arís ar an Lorgain i ndiaidh an mhórshiúl thart faoina 4pm.
Caithigí dearg agus bígí linn!